Fáilte go dtí ár sraith úrnua, Glórtha Uladh!
Sa tsraith seo beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis.
Foghlaimeoidh muid faoin stair agus faoin oidhreacht a bhaineann le cuid de na hamhráin sean-nóis is clúití in Ultaibh.
An tseachtain seo tá muid le Feilimí O'Connor as ceantar Oirialla.
Mac le hEithne Ní Uallacháin agus Gerry O’Connor, tá an ceol san fhuil ag Feilimí.
B’amhránaí mór de chuid Oirialla í Eithne a tharraing aird an domhain ar cheol na dúiche leis an bhanna Lá Lugh agus mar amhránaí aonair fosta.
Maireann a hoidhreacht sa chlann agus clú orthu uilig as a gcumas féin mar cheoltóirí agus amhránaithe.
Fuair muid deis labhairt le Feilimí le gairid agus é sa bhaile...
Fá Dear mo Mhuirnín Fháinnigh
Bhí mise lá dul thríd Phort Láirge, gus minic sin, hurú
‘S cé chas domh féin ach an chláirisigh gháireach
Fá dear mo mhuirnín fháinnigh
D’fhiafraigh sí domsa an imreochainn clé imeartha, hú rú
‘S dúras féin gur rómhaith chuige mé,
Fá dear mo mhuirnín fháinnigh
Tháinig fear a’ tí isteach is d’iarr caide fáth na codarsnaí, hú rú
‘gus aicise féin a fuarthas an léithscéal sciobalta
Fá dear mo mhuirnín fháinnigh
Go raibh na cait mhóra ag ól as na cuinneoga, hú rú
‘S go raibh na cait óga ag éamh is ag cumasc leo
Fá dear mo mhuirnín fháinnigh
Scaoil sé corda caol cruaidh thart fá m’ioscada, hú rú
‘gus tharraing sé síos go príosún Dhoire mé,
Fá dear mo mhuirnín fháinnigh
Gur ith na luchógaó francaigh dhá thrian de m’ioscada, hú rú
Is ghearr na míolaí gníomhaigh an fheith ata I m’ascalla,
Fá dear mo mhuirnín fháinnigh
Bhí mise lá dul thríd Phort Láirge, gus minic sin, hurú
‘S cé chas domh féin ach an chláirisigh gháireach
Fá dear mo mhuirnín fháinnigh
Ag Bruach Dhún Réimhe / Mairgne Fá Chaisleán na Glasdromainne
Ag bruach Dhún Réimhe ar uaigneas lae
Ba shnuamhar géagaibh bhláthgheal,
Chualas géimneach chuantaí Éireann,
‘S fuaim sa spéir in airde;
Bhí na duilliúibh I bpéin ‘s a gcúl le chéile
Is gnúis na gréine báite,
Is plúr na n-éan ag fuagradh scéil
Le gruaim gur éag na cágaibh.
Tráth chonaic mé an saol ‘s gach ní faoin ghrian
Is an tír faoi éiclips ábhal
‘Sé smaoineas féin gur mhithid damh teitheamh
Go dún na gcraobh ‘s na fáilte.
D’éirigh an smólach cumhra béalbhinn
Aníos ar ghéagán láimh liom
Is ba bhinne ná téada milse Orpheus
Ceiliúr an éin ab’ áille.
‘A smaoinaigh chléibh, ó tchí tú féin
Gur claíodh Sliocht Gael san áit seo,
Tabhair éirí léim i lúb an aeir
Is beir sitheadh i gcéin thar sáile;
Mar a bhfaighidh tú préamhú de ghaol Uí Néill
I dtíortha tréan na Spáinne
Is aithris don mhéid a mhairfeas ón éag
Gur scaoileadh a n-aolchloch álainn.’
Ó bhreoigh tú me le glór do bhéal
‘S nach bhfóghthar le leigheas ón bhas mé
Go Cúige Laighean is coir dúinn gléas
Go Dún Uí Néill ar mársáil
Ór na Greige is stór na hÉiphte
Is ceol na dtéad ar chláirsaigh
Is ní fhóirfeadh an méid sin, is foghaim go kéir é
A stór mura n-éagfainn láimh leat