Glórtha Uladh - Claire Nic Ruairí

Fáilte go dtí ár sraith úrnua, Glórtha Uladh.

Sa tsraith seo beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis.

Foghlaimeoidh muid faoin stair agus faoin oidhreacht a bhaineann le cuid de na hamhráin sean-nóis is clúití in Ultaibh.

An tseachtain seo tá muid i nDoire Cholmcille agus muid i mbun cómhra leis an amhránaí binn galánta, Claire Nic Ruairí.

Thoisigh Claire amach leis an cheol clasaiceach nuair a bhí sí óg, ach ní raibh sé i bhfad gur thit sí i ngrá leis an Ghaeilge agus an ceol Gaelach.

Bhí Claire i dtólamh páirteach i gcóir agus í ag fás aníos ach is nuair a d'fhreastal sí ar an Ollscoil i mBéal Feirste gur chuir sí suim san amhránaíocht ar an sean-nós.

Chaith sí seal ina cónaí i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill, áit ar fhoghlaim sí an chuid is mó dá hamhráin ón amhránaí clúiteach Doimnic Mac Giolla Bhríde.

Bíonn Claire go minic ag glacadh páirte i gcómórtais amhránaíochta ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag Oireachtas na Samhana, agus go leor duaiseanna buaite aici go dtí seo.

D’éirigh léi an dara háit a bhaint amach i gcomórtas na mban ag Oireachtas na Samhana, an chéad bhliain di páirt a ghlacadh sa chomórtas.

Beidh Claire anois ag tabhairt aghaidhe ar Chomórtas Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhana i mbliana.

Thíos i dteach a' tórraimh

Thíos i deach an tórraimh fuair mé eolas ar mo chailín donn
Bhí a grua mar na rósaí is bhí a béilín mar a bheadh siúcra donn
Bhí mil ar bharra na gcraobh ann 'gus céirbheach ar bhun na gcrann
'S bhí iasc na finne ag léimnigh le plésiúr mar bhí sí liom

Bhí mé lá go ceolmhar, ar mo sheol agus mé i gceann a' tí
Ag síorghabháil don cheol is ag cur na mbréag in iúl do mhian mo chroí
Ní chreidfeadh sí mo ghlórthaí, nó gur shíl sí gur á mealladh a bhínn
Tá mé óg go leor i gcónaí is ní phósfaidh mé ach mian mo chroí

'S binn agus ceolmhar a labhras gach éan i dtom
Is deas gach uile shórt 'gus is ródheas mo chailín donn
Is aici fuair mé eolas ar mhórán is ar thuilleadh grinn
Is nár deas an rud sú na heorna, 'bheith le hól agus a teannadh liom

Bhí mé lá go ceolmhar, i ngleanntáin is mé ag seoladh bó
Thárlaidh orm an ógmhnaoi, is í cóirithe insan éidiú chóir
Bhí hata os cionn a clóca agus búclaí ina bróga thíos
Ó ba chosúil le mo stóirín í, an réalt eolais bhí ag gabhail romham sa tslí

Ar éirí dom Dé Céadaoin dar liom go raibh an mhaidin fuar
Bhreathnaigh mé uaim mo stóirín ar an lána is í i bhfad uaim
Dhruid mé le mo chéile mar 'ndúil is go rachadh muid chun suain
Ó, is a Dhia nár dheas an féirín an ógmhnaoi a d'imigh uaim

Mallachtaí na hAoine ar an té údaí a bhain díom mo stór
Nach ligfeadh ar na gaobhair mé lá saoire ná go moch Dé Luain
Dá mbeadh sé ag cur is ag déanamh díle is ag síochur den sneachta ó thuaidh
Ó, a Dhia dá bhfaighinnse síneadh léi bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan

Bhí mé lá bréa samhraidh is mé ag labhdaireacht go mór le mnaoi
Fá bhruach na coille cluanaí is gan rún agam filleadh choíche
Más den chinniúint cluanaí do lua liom is gan d'fháil mar mhnaoi
Seo beannacht na Rí go buan duit is bí ar cuairt agam gach áit a mbím


An Clár Bog Déil


Phósfainn thú gan bó
Gan a' dhá phingin spré
Leagfainn fúm thú maidin drúchta
Le bánú 'n lae
Mo dhá lámh dúnta gan mé gus tú
A stór mo chléibh
I gCaiseal Mumhan 's gan a leabaí fúinn
Ach an chlár bog déil

Bean solastach ní mholfaidh mé
'S ní cháinfidh mé í
Bean dorcha ní ghlacfaidh mé
Go deo mar mhnaoi
Ní ná an babaí shantach
Ach mar gheall ar mhaoin
Ach pósfaidh mé mo stórín
'Sí grá mo chroí

Ná síl cé gurb íseal
Nó uasal mé
Ná síl gur insan díog adaí
A fuarthas mé
Sín síos liom seal míosa
'Gus cuartaí ann mé
'S gheobhaidh tú scríofa in mo thaobh dheas
Gur an buachaill mé

Tá líofacht labhairt Gaeilge
Agus canúint mhaith chrua
Scríobhfaidh mé 'na dhiaidh sin
Le barr mo phinn
Loch Éirne 'á shnámhfainn
Ar chúl mo cheann
'S dá dtéadh agam bean a bhréagadh
Bheadh an báire liom

Close
Close