Tá muid ar ais lenár sraith nua, Glórtha Uladh.
Gach seachtain beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis.
An tseachtain seo tá muid i dTír Chonaill agus muid i mbun comhrá leis an amhránaí iomráiteach, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.
Is as Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill do Bhrian agus tá sé ag dul don cheol traidisiúnta agus i mbun amhránaíochta ó bhí ina ghasúr óg.
Chuir Brian suim ar leith san amhránaíocht ar an tsean-nós agus é ag fás aníos, agus ní raibh sé i bhfad gur thoisigh sé ag glacadh páirte sna comórtais éagsúla ar fud na tíre.
Freastlaíonn Brian ar Oireachtas na Gaeilge achan bhliain go fóill le páirt a ghlacadh sna comórtais sean-nóis.
Deir Brian gurb é an sean-nós an caitheamh aimsire is mó atá aige agus go mbaineann sé an oiread suilt as bheith ag cruinniú ceoil agus ag teacht ar shean-amhráin.
Tá bua an cheoil ag Brian gan amhras agus ba dhoiligh é a bhulaadh ag canadh leagan Conallach den amhrán clúiteach ‘Róisín Dubh’, mar atá le cluinstin thíos…
An tÓganach Ródheas
Tháinig an t-óganach ródheas na bhaile tráthnóna
Agus bhuail seisean stroic ar an mhadadh
D’amharc sé síos ar an eiteán bheag chaol
An seo ar shníomh tú ó mhaidin?
Bhí mé ag cartadh na díge is ag cur amach an aoiligh
Tabhairt ruaig ar na caoirigh ón ngeamhar
Bhí mé seal ag cur dídean i ndoras na gaoithe
Agus seal ag tabhairt cíoch do do leanbh
O, A Dhia dhílis nach mór m’ábhair caointe
Nuair nár ghlac mise comhairle ó m’athair
Gur phós mise an sladaire salach gan fhónamh
Ar neamhchead mo dhaoine nach maireann
Mairg a mbíonn póc air is a thóin a bheith folamh
Tart ar mo scóig agus deoch ag mnaoi an leanna
Nuair a síleann na mná óga mo phócaí bheith folamh
Bíonn sean tairní bróg in mo phócai is mé dhá gcroitheadh
Chuaigh muid na trá agus rinne muid lá
Ba ann a bhi an cheereáil is an battle
Go dtigidh d’anam a bhean riabhaigh a haon mhic na striapaí
Gur ghoid tú mo ghiota den duilleasc
Róisín Dubh
Róisín Dubh
Agus a Róise ná bíodh brón ort fá’r éirigh duit
Tá na bráithre ‘a teacht thar sáile ‘gus ag triall thar muir
Tiocfaidh do phardún ón phápa agus ón Róimh anoir
Agus ní sparáilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh
A Róise mhín mhodhmhar is na gciabhfholt dubh
Tar a’ triall ‘un mo thorraimh más áil leat é
Beidh mo chónairse dhá tógáil i lár an lae
Is gurbh í do phógsa Dé Domhnaigh a bhásaigh mé
Dá bhfeicfeá Róise Dé Domhnaigh is í ag éirí amach
Crios Phroinsis uirthi timpeall fá lár a coirp
Thánaig an t-am uirthi ar shantaigh sí an t-ógfhear deas
Is mura dtéigh bang uirthi millfidh sí an t-ord ar fad
Nach aerach a théid sí un aonaigh ina cóta cuilt
Is gan aici maoin shaolta nó bólacht cnoc
Nó an aon ghiní déag a bhí fana cófra ghlais
Nach siúd an féirín le gur bhréagnaigh mé mo Róisín Dubh
A Róise dá mba liom thú nár ba fearrde duit
Is deas a chealgfainn do leanbhan dá mbíodh sé ag gol
Is in Alabainn dá gcasfaí sinn inné nó inniu
Scéall cinnte a ghrá go bpillfidh muid araon gan guth
Tá réalt ins na spéirthí in imeall an cheo
Is cha raibh léitid i nGleann an Fhia ‘gus ní bheidh go deo
Gaoth na hÉirne go dtugas léim léi cé gur mhór an sruth
Is mar ghá gréinne ar mhalaidh shléibhe atá mo Róisín Dubh
Beidh an Éirne na tuillí tréanna agus réabfar cnoic
Beidh an fharraige na tonnaí gorma agus doirtfar fuil
Beidh gach gleann sléibhe ar fud Éireann is na móinte ar crith
Lá éigin sula néagfaidh mo Róisín Dubh