Ó thús mhí Dheireadh Fómhair beidh muid ag athchraoladh na sraithe 'Glórtha Uladh' achan seachtain le cuid de na hamhránaithe is iomraití dá bhfuil ann in Ultaibh.
An tseachtain seo ar www.meoneile.ie cuireann muid tús le sraith úr cheoil darb ainm ‘Glórthaí Uladh’.
Sa tsraith seo beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis. Bhéarfaidh na ceoltóirí ar leith seo léargas ar a gceantar dúchais dúinn agus foghlaimeoidh muid faoin stair agus faoin oidhreacht a bhaineann le cuid de na hamhráin sean-nóis is clúití in Ultaibh.
An tseachtain seo tá muid in Ard Mhacha Theas agus muid i mbun comhrá leis an amhránaí aitheanta Bláithín Mhic Cana agus an t-amhránaí óg Piaras Ó Lorcáin a bhain an chéad duais i gComórtas Sheosaimh Uí hÉanaigh ag Oireachtas na Samhna 2016.
San eagrán seo tá Bláithín agus Piaras ag déanamh cur síos ar an amhrán ‘Séamus Mac Murchaidh’ agus 'Oíche Fá Fhéile Bhríde' agus ar oidhreacht shaibhir cheantar Oirialla.
Séamus Mac Murfaidh
I nDún Réimhe, mo léansa, ‘sea chodail mé an oích’,
Ag an spéirbhean chiúin chéillí agus rúnsearc mo chroí,
Teacht a’ lae ghil ‘sea b’éigean domh imeacht a’ scaoi
Mar bheadh éan beag ‘chuid a’ tsléibhe ‘gabháil I measc na gcearc fraoigh.
A Shéamais ‘a’ Mhurfaidh, a rí-mharcaigh chlúitigh,
A phlanda den fhíorfhuil a shíolraigh ó uaisle,
Cad chuige nár smaoinigh tú do dhaoine do d’ ruagadh
Nuair nár éalaigh tú san oíche sul má díoladh fá do luach thú?
Ar mhullach Shliabh gCuilinn bhí an choirm á réiteach,
‘Gus Séamas Mac Mhurfaidh ‘na thaoiseach ar an fhéasta.
Cha dtabharfadh sé urraim do bhodaigh a’ Béarla,
‘Gus anois tá sé in Ard Mhacha is gan fáil ar a réiteach.
Bliain is an lá is bhí muinn aige Pátrún Chill Shléibhe,
Agus bliain an lá ‘márach bhí muinn ar rásaí I nDún Léire,
Inniu fágfar mé in Ard Mhacha mar a fágadh na céadta,
‘Gus ar uachtar na sráide déanfar mo chás a réiteach.
Trua gan mo chos bheith briste nó mo lámh a bheith leointe
Sarar ól mé an cupán whiskey ar maidin Dé Domhnaigh,
Ghoid siad mo hata agus shlad siad mo phóca,
‘Gus bhuail an mí-ádh orm ‘gus sháraigh sé beo mé.
Trua gna mé ‘mo fhraochán ar thaobh mhalaí ‘n tsléibhe,
Nó mar shamharclainn dheas ghléigeal ar eisir na gréine,
Nó mar Shéamas Mac Mhurfaidh is deis ‘bhí in Éirinn,
Agus chaithfinn an Nollaig san Chreagán dá bhféadfainn.
Tuar gan mé arb harr Ardach’ nó ar Bharr ard an Fhéadáin,
Ag ól as na cártaí in do pharlús, a mhaighdean.
Dhéanfainn cúpla dántaí a’s, dar mo lámh, ní gan phléisiúr,
Och, a mhaighre na gealbhrád, is tú d’fhág m’intinn buartha.
Dá mbéinn ‘mo fhraochán ar thaobh Bharr an Fhéadain,
Nó ‘mo ghas raithní ar eisir na gréine,
Go dtéinn mar lon dubh go Coillidh Dhún Réimhe
‘Gus thart go Carn Eallaigh mar a tógadh le réim mé.
Oíche Fá Fhéile Bhríde
Is bhí mé oíche fá Fhéile Bhríde
Is mé ar faire thíos ar an Mhullach Bhán | |
Is ansin bhí an fhaoileann dá dtugas mian dí | |
Mar bhí sí saoithiúil deas álainn óg | |
Is í go cinnte ’bhreoigh lag m’intinn | |
’S go dtig lia na bhFiann ní bhfaighigh mé leigheas | |
Bhris sí mo chroí ’stigh ’na míle píosaí | |
Mura bhfaighidh mé dídean ó mo mhuirnín bán | |
Ní ar shliabhabh mínlach a chleacht mo mhiansa | |
’S í i ngleanntáin aoibhinn mín meas a fás | |
Is gaireann an chuach i gcionn gach míosa | |
’S bíonn cruithneacht fhaoil ann is coirce bán | |
Bíonn na bric ’na scaotha ann is fia ’na luí ann | |
’S an eala aoibhinn ar an loch a’ snámh | |
’S nuair a bhíonns na beich ag déanamh a ngníomhartha | |
Bíonn mil gá taomadh ag mo mhúirnín bán | |
Taobh thall den teorainn atá mo ródhearc | |
An maighre modhmhar na gcíoch glan cruinn | |
’S is ar na tórraí’ a chuir mé eolas uirthí | |
Is d’fhios mé mórán de dhea-mhéin ann | |
Is tuirseach, brónach bím gach oíche Dhomhnaigh | |
Ag sileadh deora más fad’ an lá | |
Is a Rí na Glóire ní bhím i bhfad beo | |
Mura bhfaighigh mé dídean ó mo mhúirnín bán |