Ceardlann ealaíne ag Laochra Loch Lao ar son Mhórshiúl Náisiúnta na nGael

Beidh Cearta - Mórshiúl Náisiúnta na nGael ag titim amach i mBaile Átha Cliath amárach (ag tosú ar 13:30 ó Chearnóg Pharnell) agus é mar sprioc leis aird a dhíriú ar cheithre mhórfhadhb i dtaca leis an Ghaeilge: maoiniú, oideachas, tithíocht sa Ghaeltacht agus cearta teanga. Le hullmhú don lá mór, d'eagraigh CLG Laochra Loch Lao ceardlann ealaíne Dé Máirt do dhaoine óga, ina dhiaidh dóibh seisiún traenála a dhéanamh ag Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste. 

Labhair Meon Eile le hAinle, ball den ógchumann, chomh maith leis an Oifigeach Forbartha Pobail, Bríd Nig Aoidh, Bainisteoir Forbartha Cumainn, Damien Mac Ailín agus Bainisteoir Laochra ar Leathchluas, Brenda Ní Chléirigh. 

Is é a dúirt Bríd linn:

"Úsáideann na páistí seo Gaeilge achan uile lá. Téann siad go Bunscoileanna lán-Ghaeilge agus imríonn siad peil leis na Laochra. De ghnáth déanann muid achan rud anseo trí mheán na Gaeilge, mar sin tá an teanga iontach tábhachtach dóibh agus tuigeann siad sin. Ní ábhar seomra ranga amháin í, is teanga shóisialta í, bíonn siad ag caint i nGaeilge lena gcairde, tuigeann siad an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge agus nach bhfuil muid ag fáil na cearta a bhí gealta dúinn. Beidh muid uilig ann ar an tSatharn chun tacaíocht a thabhairt."

Close
Close