Ionad Uíbh Eachach - 35 bliana ar an fhód

Tá Ionad Uíbh Eachach - ionad cultúrtha, pobail agus cúraim lae atá suite lámh le Gaelscoil na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste - 35 bliana ar an fhód i mbliana.

Mar chuid den cheiliúradh, seoladh múrphictiúr nua Dé hAoine seo caite, é deartha ag Tuathan Mac Eachaidh, a dhéanann cur síos ealaíonta cruthaitheach ar na seirbhísí a sholáthraíonn an tIonad agus ar an dóigh a gcuireann sé an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal áitiúil. Cuireadh taispeántas den scoth i láthair san Ionad é féin, taispeántas a thugann léargas ar dhul chun cinn an Ionaid agus an phobail thart air síos trí na blianta. Bhí 'Aoine na Gaeilge' faoi lán seoil ann chomh maith, teacht le chéile a bhíonn ar siúl gach seachtain ina dtagann Gaelgeoirí de gach leibhéal le chéile le haghaidh cupán tae agus comhrá.

Is féidir Ionad Uíbh Eachach a leanúint ar Twitter agus Instagram.

Close
Close