Ar chúl an cheamara - le Sinéad Ní Uallacháin

Ar chúl an cheamara - le  Sinéad Ní Uallacháin

An tseachtain seo tá ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill ‘Ar chúl an cheamara’ le ‘Banríon na Siamsaíochta’, Sinéad Ní Uallacháin.

Bíonn Sinéad le cluistin gach maidin ó Luan go hAoine, 10:15 -11:00, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, chomh maith lena bheith ag obair ar Chlár ‘Cormac @5’.

Nuair nach bhfuil sí ar an raidió tá dúil mhór ag Sinéad i gcúrsaí aisteoireachta. Tá go leor oibre déanta aici le hAisteoirí Bulfin le cúpla bliain anuas agus bhí sí le feiceáil sa chlár teilifíse, ‘Corp agus Anam’, a craoladh ar TG4 chomh maith.

Rugadh agus tógadh Sinéad i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, agus cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath.

Thug Seán cuairt ar Shinéad agus í i mbun oibre i stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh.

Labhair sí faoi chúrsaí faisin, faoin ghrá atá aici do Ricky Gervais agus an #awkymomo is mó a tharla di riamh!

Ar chúl an cheamara - le Sinéad Ní Uallacháin

Tá Sinéad ar dhuine de na réaltaí óga atá ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana

Tá na línte vótála do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais oscailte anois agus beidh deis vótaí a chaitheamh do na réaltaí óga go dtí meán lae Déardaoin, 12 Bealtaine 2016.

Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a theastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig 57003, ó Phoblacht na hÉireann,

agus 60999, ó Thuaisceart Éireann & ón Bhreatain. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.

STIOFÁN Ó FEARAIL téacsáil GRADAM101

SINÉAD NÍ UALLACHÁIN téacsáil GRADAM102

FIONAFLAITHEARTA téacsáil GRADAM103

LISA MADDEN téacsáil GRADAM104

MICHEÁL Ó CIARAIDH téacsáil GRADAM105

EDELCHURRAOIN téacsáil GRADAM106

Close
Close