Ar chúl an cheamara - le Breandán de Gallaí

Ar chúl an cheamara - le  Breandán de Gallaí

Is é an damhsóir agus an cóiréagrafaí clúiteach Breandán de Gallaí atá linn inniu ‘Ar Chúl an Cheamara’.

Bhain Breandán cáil amach go hidirnáisiúnta mar phríomhdhamhsóir Riverdance ó 1977-2004, agus tá go leor bainte amach aige ó shin.

Bíonn Breandán go minic le feiceáil ar chláracha de chuid TG4 agus RTÉ agus le cúpla bliain anuas tá sé i mbun aisteoireachta mar pháirt Tiarnán, an Dochtúir úr dóighiúil, sa sobaldráma Gaeilge ‘Ros na Rún’.

Tá MA agus dochtúireacht ag Breandán i ngnéithe áirithe den damhsa Gaelach agus damhsa nua-aimseartha ó Ollscoil Choláiste Luimnigh agus mar pháirt den dochtúireacht chruthaigh sé dhá léiriú, The Rising agus Nochtú, ar éirigh go hiontach maith leo.

Thug Seán cuairt ar Bhreandán ag a theach i mBaile Átha Cliath agus é ag fáil réidh le dul ar chamchuairt idirnáisúnta lena léiriúchan damhsa ‘Linger’.

Labhair Breandán faoina bhaile dúchais, faoin damhsa agus faoi na tograí úra atá i ndán dó amach anseo…

Ar chúl an cheamara - le Breandán de Gallaí
Close
Close