Turas chuig Léim an tSionnaigh i dTír Eoghain

Thug Óige na hÓmaí, grúpa óige Phobal ar 'n Iúl, cuairt ar Léim an tSionnaigh, nó 'Todd's Leap' mar is fearr aithne air, ar na mallaibh. Ionad gníomhaíochta mór le rá é seo atá suite taobh amuigh de Bhaile Uí Dhálaigh, Contae Thír Eoghain. 

Bhí 30 páiste sa ghrúpa agus bhain siad sult as cuimse as an lá grianmhar ann. Bhí an deis acu carr mór a thiomáint agus púicín á chaitheamh acu le linn dá gcairde a bheith ag tabhairt treoir don tiománaí. D'eitil siad fríd an aer ar luascadh mór i ngrúpaí de thriúr agus chuaigh siad ag dreapadóireacht ar bhalla chomh maith.

Tá grúpa pobail sa cheantar darb ainm Pobal an Ghleanna agus is é Mark Harte atá ina chathaoirleach air. Tá obair na gcapall déanta acu le tionscadal Léim an tSionnaigh a fhorbairt agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó.

D'fhreastail Meon Eile ar an lá gur lean muid an grúpa agus iad i mbun gníomhaíochtaí éagsúla. Bhí neart Gaeilge le cluinstin i measc na bpáistí, le cuidiú ó Mark agus ó Oifigeach Gaeilge Léim an tSionnaigh, Niamh McElduff, agus ó cheannairí Óige na hÓmaí.

Tá Léim an tSionnaigh in ann pacáiste a chur le chéile do dhaoine atá ag foghlaim Gaeilge agus do dhaoine atá ar leibhéal níos airde chomh maith. Is gné measartha nua é an t-eispéireas Gaeilge ag Todd’s Leap agus tá níos mó daoine ag cur na seirbhíse in áirithe i rith an ama. Is cinnte gur céim mhór é, ní hamháin don ghnó ach don teanga lena chois.

Close
Close