Tháinig siad agus d'imigh siad - Cluichí Oilimpeacha 2012

Katie Taylor
Katie Taylor / Press Eye

Bhí daoine ar fud an domhain ar fad ag tnúth go mór leo agus iad chun tosú, ag caint i gcónaí fúthu agus iad ar siúl agus anois tá díomá orainn go bhfuil siad thart.

Cruthaíonn na cluichí Oilimpeacha atmaisféar iontach gach ceithre bliana.

Níorbh eisceacht é London 2012.

Ó lúthchleasaíocht go leadóg bhoird, ó eitpheil go BMX, bhíomar ar fad tugtha don bhosca teilifíse ar feadh coicíse ag leanúint an dráma a théann lámh le lámh leis na spóirt uilig.

Cá mhéad bonn a chuirfidh Michael Phelps sa mhála i mbliana? An mbainfidh Usain Bolt curiarracht nua amach? Bhí gach duine ag coinneál súil ghéar orthu.

Chualamar faoi Katie Taylor chomh maith. Is ainm mór í ó thaobh na dornálaíochta de agus cé go bhfuil craobhchomórtas an domhain buaite aici cheana féin, ní bheadh sí sásta go dtí go raibh an bonn óir thart timpeall a muiníl.

De réir a chéile, fuair Katie aitheantas mar gheall ar a héachtaí sa chró. An rud is suimiúla? Is dornalaí baineann í. An rud is fearr? Is Éireannach í freisin. Bhí méaraí crosáilte agus paidreacha ráite ar a son timpeall na tíre. Bhí duais an bhoinn óir tuillte go maith aici.

Faoi radar na meán, bhí réalta nua ar fhoireann na hÉireann chun scileanna laochúla a teaspáint dúinn chomh maith. Cé nár éirigh leis aon bhonn a fháil, rinne Rob Heffernan an-jab sa tsúilóid 50k. Ní hamháin gur chríochnaigh sé sa cheathrú háit sa rás, bhris sé churiarracht Éireannach le níos mó ná seacht nóiméad.

Don dara huair ar an bpóidiam, is dócha go ndearna Cian O’Connor cinnte nach raibh aon rud mícheart ná scannalach i gceist lena chara Blue Lloyd i mbliana nuair a fuair sé bonn cré-umha le haghaidh a mháistreachta ar an gcapall.

Cosúil le Beijing 2008, ba iad na dornálaithe a fuair an lámh in uachtar ar na spóirt eile ó thaobh líon na mbonn Éireannach de. Bhí go leor airde ar Katie ar ndóigh ach d’éirigh le triúr eile san fháinne chomh maith, beirt as Béal Feirste ina measc.

Bhí aithne shúl ag a lán daoine ar Paddy Barnes ó Beijing. Cé nach dornálaí ard é, tá sé lán le fuinneamh agus paisean. Bhí an méid sin díomá aige nuair a chaill sé a throid leathcheannais sna cluichí i ’08, gur dhúirt sé direach ina dhiaidh nach raibh sé ag iarraidh a bhonn cré-umha ar chor ar bith.

I mbliana chonacamar taispeántas iontach ó Phaddy. Cé go raibh iomaíocht láidir aige, níor stop sé riamh. Chuir Bernard Dunne ‘Taz’ air mar gheall ar luas a dhorn agus a fhuinneamh fíochmhar.

Tar éis troda den scoth sa leathcheannais, chaill Paddy sa deireadh. An t-am seo, bhí sé sásta an bonn a ghlacadh abhaile go Béal Feirste leis agus é an-bhródúil as.

Ba cheart go mbeadh Michael Conlon an-sásta leis féin freisin. Chríochnaigh a bhrionglóid Oilimpeach sa bhabhta leathcheannais chomh maith in aghaidh Team GB ach fuair sé bonn cré-umha dá éachtaí.

Chualamar faoi ‘The Fighting Irish’ roimhe seo ach tá an clú atá orainn mar thír dhornálaíochta níos mó anois ná riamh. Is léir go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí dornálaíochta le blianta anuas agus dar leis na saineolaithe go bhfuil traenáil ‘High Performance’ Katie agus na leads taobh thiar den rath iontach seo.

Tríd na blianta, bhí Cúba ar bharr an liosta ó thaobh na dornálaíocht de ach leis ard-traenáil tá an-chaighdeán anois ag dornálaithe na hÉireann agus meas nua faighte acu ar fud na cruinne.

Mar sin féin tá níos mó infheistíochta go fóill de dhíth maidir leis na háiseanna atá ar fáil anseo. Níl i gceist le haon chlub dornálaíocht sa tír seo ach halla traenála le cró amhain. I gcás Katie Taylor, ní raibh cith ná leithreas aici sa chlub i mBré. Bhí uirthi dul go dtí an teach tábhairne in aice leis chun a áiseanna a úsáid.

Ach in ainneoin na forbartha atá ag teastáil ó thaobh áiseanna de, níl aon easpa croí ag ár lúthchleasaithe agus ba é a gcumas agus a bpaisean dá spóirt a ghnóthaigh na boinn agus a chruthaigh bród inár gcroíthe féin ó cheann ceann na tíre.

Emer Ingoldsby

Close
Close