Tomaí Ó Conghaile
Ar 31 Bealtaine cuirfear tús le Comórtas Peile na Gaeltachta le Gaeil as gach cearn den tír ag tabhairt aghaidhe ar an Rinn, Port Láirge, le haghaidh deireadh seachtaine lán spóirt agus spraoi.
Ar bharr na hiomaíochta ar an pháirc ar ndóigh beidh comórtas eile ann atá aitheanta mar dhlúthchuid den mhórimeacht féin, mar atá Comórtas an Chailín Ghaelaigh.
Mar is eol daoibh uilig, is é a tharlaíonn ann ná go roghnaítear cailíní áirithe le hionadaíocht a dhéanamh ar son a gcumainn agus go dtéann siad in iomaíocht le chéile thar dheireadh seachtaine an Chomórtais Peile, gach duine acu ag iarraidh a léiriú gur iad is fearr ó thaobh úsáid na Gaeilge nó cur chun cinn an chultúir Ghaelaigh de.
Agus ar ndóigh ní mór do na cailíní bheith gléasta go deas fosta nuair a chuirtear ar an ardán iad os comhair an phobail ar oíche dheiridh an chomórtais.
Cúpla bliain ó shin ar Gaelscéal bhí suirbhé ann faoi oiriúnacht an chomórtais do shaol na linne seo agus thug na torthaí le fios go raibh tromlach na ndaoine a léirigh a ndearcadh den tuairim gur cheart deireadh a chur le Comórtas an Chailín Ghaelaigh nó é a athrú ón bhun aníos.
Bhí mise i measc an tromlaigh sin, agus tá go fóill.
Anois déarfaidh daoine nach bhfuil ann ach píosa craice agus nach bhfuil aon duine ag cur brú ar na cailíní páirt a ghlacadh ann, agus is fíor dóibh.
Go deimhin tá cara de mo chuid féin i measc na gcailíní a bhuaigh an duais mhór agus tá a fhios agam go maith an bród a bhain leis an bhua agus an sult mór a baineadh as an teideal a thabhairt ar ais go Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste don dara bliain as a chéile.
Agus ní ba luaithe an mhí seo d’eagraigh an cumann peile is spreagúla sa tír, Gaeil Óga Bhaile Átha Cliath, ócáid speisialta le cailín na hardchathrach a roghnú le haghaidh chomórtas na bliana seo, ócáid a mheall slua mór isteach chuig Club an Chonartha ar Shráid Fhearchair.
Ach cé go bhfuil craic áirithe i gceist leis, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil coincheap an chomórtais ceart.
Baineann Comórtas Peile na Gaeltachta le cuid de na luachanna is fearr atá againn mar phobal.
Tá cultúr ann, tá cuideachta ann, tá iomaíocht shláintiúil agus spiorad foirne ann. Muintir na nGaeltachtaí agus na Gaeilge ag teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar cé muid féin agus chun pobal níos neartmhaire a thógáil do na glúnta amach romhainn.
Baineann Comórtas an Chailín Ghaelaigh áfach le meon seanaimseartha nach gcothaíonn cothromas sa saol, nach dtugann a n-áit cheart do mhná sa tsochaí agus nach gcuireann na luachanna is fearr atá againn mar phobal chun cinn.
Ar bhealach, is leagan eile é de na comórtais áilleachta sin a dhéanann a bheag den ról atá ag mná i sochaí an lae inniu agus a chuireann ar stáitse iad mar mhaisiúcháin seachas mar dhaoine atá in ann cur leis an saol thart orthu ar bhealach fiúntach bríoch.
Sa lá atá inniu ann, agus iarrachtaí á ndéanamh againn le tír níos forásaí, níos ionadaí agus níos cothroime a chruthú, nach bhfuil bealach níos fearr ann chun ceiliúradh a dhéanamh ar phlúr agus ar thallann na nGael, bíodh siad ina gcailíní, buachaillí nó pinsinéirí?
Ní dócha go bhfeicfidh muid Comórtas an Bhuachalla Ghaelaigh aon am go luath – cé gur cinnte go bhfuil siad ann a ghlacfadh páirt fhonnmhar ann! – ach níl aon amhras ann go bhfuil roghanna eile ar fáil dúinn, roghanna a bheadh lán chomh spraoiúil, agus go bhfuil deis againn mar Ghaeil dea-shampla a thabhairt faoin chineál sochaí ba mhaith linn a bhaint amach ar an oileán seo.
Ina dhiaidh sin uile, gné den chomórtas atá dearfach agus atá le moladh ná go mbíonn Gaeilge ar a dtoil ag na Cailíní Gaelacha agus iad breá sásta í a labhairt i rith an ama, rud nach féidir a rá faoi gach foireann ná imreoir a théann chun páirce le linn an chomórtais.
Tuigeann muid go mbaineann sé sin le teorainneacha na nGaeltachtaí oifigiúla agus go mbíonn foirne as ceantair ina bhfuil an Ghaeilge an-lag ag glacadh páirte go fóill, ach is dócha go mbeidh níos mó airde ag daoine ar an cheist sin amach anseo go háirithe le foirne lánGhaeilge as taobh amuigh den Ghaeltacht ag imirt sa chomórtas le tamall de bhlianta anuas.
Príomhroinn agus an duais is mó do na foirne Gaeilge agus ísliú do na foirne nach ndéanann iarracht an teanga a úsáid, aon duine? Is ceist í sin do lá eile…
An fíor-chomórtas abú!