Pól Mac Fheilimidh
In alt a scríobh sé ar an Irish Times ar na mallaibh, mhaígh Jim McGuinness, iarbhainisteoir Fhoireann Peile Dhún na nGall go raibh eagla air faoina bhfuil i ndán don pheil Ghaelach.
Íorónta go leor, is ceiliúradh ba chúis lena údar imní.
Bhí Fear Manach i ndiaidh cluiche ceathrú ceannais na hÉireann in éadan Bhaile Átha Cliath a chailleadh – agus a chailleadh go trom.
Deireadh aistear fada samhraidh a bhí ann ag Fear Manach agus ghnóthaigh siad ní b’fhearr ná mar a bhí súil leis in éadan na nDubs.
Bhí cúpla bua iontach acu i rith Meithimh agus Iúil, d’fhan siad tamall ar an pháirc tamaillín, tugadh an-bhualadh bos do na himreoirí agus thréaslaigh siadsan leis an lucht leanúna dá réir.
Sin an rud a scanraigh McGuinness.
Cad chuige, a d’fhiafraigh sé, a bhfuil foireann ‘ag ceiliúradh’ díomua trom i gcluiche mór i bPáirc an Chrócaigh.
Idir sin agus an sléacht a rinne Ciarraí ar Chill Dara, ba é an eagla a bhí air go raibh bearna chomh mór sin idir ceathair nó cúig fhoireann agus an chuid eile nach bhfuil craobh na hÉireann ag dul a bheith tarraingteach mar chomórtas feasta.
Ach an bhfuil, dáiríre, bonn fírinne ar bith leis sin agus, má tá, cad é an réiteach atá air?
Má amharcaimid ar thorthaí na bliana seo níl aon amhras ná go raibh go leor torthaí aisteacha ann.
Bhain BÁC gach cluiche i gCúige Laighean gan stró ach i dtaca leis na cúigí eile is thiar i gConnachta a bhí an toradh ab iontaí.
6-25 ag Maigh Eo in aghaidh 2-11 ag Sligeach!
Anois, is beag duine a bhí ag dúil go mbeadh an bua ag Sligeach, ach díomua 26 pointe?!
Ba chuid suntais é fosta an greadadh a thug Ciarraí do Chill Dara, ar ndóigh.
Scóráil fir na Ríochta níos mó cúl ná cúilíní sa dara leath: 7-6 ar fad a fuair siad!
Ach má dhéanaimid mionanailís ar thorthaí na bliana seo nach amhlaidh nach raibh ach corrthoradh saoithiúil ann?
Agus má amharcaimid ar thorthaí ‘uasaicme na peile’ an bhfuil siad, dáiríre, a oiread sin chun tosaigh ar an chuid eile?
An chéad rud atá le socrú ná cé atá ina mbaill den uasacime seo?
Ciarraí, Baile Átha Cliath agus Maigh Eo gan amhras.
Ar fhianaise chluichí na seachtaine seo, is ar éigean go bhfuil Tír Chonaill ná Muineachán leo? B’fhéidir Tír Eoghain?
Agus nach amhlaidh go raibh riamh anall élite ann, agus nach amhlaidh atá i dtaca le spóirt eile de.
Amharc Príomhshraith sacair Shasana. An bhfuil seans dá laghad ag dream ar bith an tsraith a bhaint seachas Chelsea, Man City, Man Utd agus Arsenal?
Ach níl duine ar bith buartha faoina bhfuil i ndán don sacar.
Tá Corn Domhanda an Rugbaí ag teacht agus féadann muid a bheith cinnte go mbeidh sléachtanna ann nuair a imreoidh leithéidí na Nua-Shéalainne agus na hAfraice Theas in éadan leithéidí Urugua agus na Seapáine.
Sin uilig ráite, is dócha go bhfuil cás láidir ag an mhuintir a déarfadh gur chóir an chraobh a roinnt ina dhá leibhéal.
Sílim féin go gcuirfeadh sé seo beocht úr ar fad sa chraobh.
An cás a chuirtear ina éadan seo go minic, “Cé atá ag iarraidh ‘miontrófaí’ den dara grád a bhaint?” Nó, “Thriail muid Corn Tommy Murphy roimhe agus is beag suim a bhí ag daoine ann.”
Ach measaim, go bhfuil réiteach iontach simplí ar an cheist áirithe sin.
Is é sin go dtéann buaiteoirí ‘Roinn 2, ’Craobh na Sóisear’ nó cibé ainm ar mian linn a thabhairt uirthi isteach ar ais i gCraobh na Sinsear.
Is iomaí dóigh leis seo a eagrú agus tá cúpla múnla molta ag an McGuinness thuasluaite, inter alia.
Ach seo m’ionchur féin sa díospóireacht:
Na Craobhacha Cúige a imirt i bhformáid sraithe, ag tosú i mí an Mhárta.
Cúige Uladh – 2 ghrúpa de 5 fhoireann (Londain san áireamh)
Cúige Laighean – 2 ghrúpa de 5/6 fhoireann
Cúige Chonnacht – 1 ghrúpa de 5 fhoireann
Cúige Mumhan – 1 ghrúpa de 6 fhoireann
Ciallaíonn sé sin ar 4 chluiche ar a laghad ag gach foireann i gCraobh na Sinsear.
Téann 4 as Cúige Uladh, 4 as Cúige Laighean, 3 as Connachta agus 3 as an Mhumhain ar aghaidh chuig ‘Craobh na hÉireann’ – 14 fhoireann ar fad.
Téann an 17 eile (móide Nua-Eabhrac?) isteach i gCraobh na Sóisear.
Imríonn an 14 in éadan a chéile – 7 fágtha
Téann an 7 sin isteach i gcluichí ceathrú ceannais na hÉireann i gcuideachta bhuaiteoirí Craobh na Sóisear.
Thabharfadh sé sin dreasacht agus spreagadh ceart do na foirne ‘laga’ Craobh na Sóisear a ghlacadh dáiríre.
Mar sin de, coinníonn muid na craobhacha cúige, bíonn craobh na hÉireann níos faide agus níos tarraingtí agus bíonn comórtas ag na foirne atá beagán níos laige ar fiú go mór leo é a bhaint.
Tá mé cinnte gur féidir argóint a chur ina éadan seo uilig ach chítear dom gur mó i bhfad na buntáistí ná a mhalairt.
Níl le déanamh againn anois ach córas chraobh na hiománaíochta a fheabhsú!