Seoladh leabhair 'Ceiltigh Bhéal Feirste 1891-1949'

Seoladh an leabhar nua 'Ceiltigh Bhéal Feirste 1891 - 1949' an tseachtain seo caite in iarsmalann Cheiltigh Bhéal Feirste.

Leabhar é seo a thosaigh amach mar staidéar áitiúil bunaithe ar stair na bhFál agus a d'fhás ina leabhar dírithe ar EC2/EC3 nó díográiseoirí sacair agus teanga.

Rinne Sean Fennel, údar an leabhair, agus Fionntán Ó Mealláin, an dearthóir, cur síos ar an spreagadh a fuair siad le scéal Cheiltigh Bhéal Feirste a chur i bhfocail agus an stíl a roghnaigh siad don dearadh le go mbeadh sé tarraingteach do pháistí.

Bhí páistí ón sprioclucht léitheoireachta i nGaelscoil na bhFál i láthair ag an seoladh chun an leabhar a léamh don lucht féachana. D'ársaigh siad blúiríní den scéal agus labhair Charlie Tully ón iarsmalann faoin áthas atá air faoin tacaíocht a bhí á taispeáint ann.

Close
Close