Traidisiún na tógála cloch in Éirinn

D'eagraigh Glór na Móna ócáid le déanaí mar chuid d'Fhéile na gCloigíní Gorma, áit ar thug siad cuireadh do David Keohan. Is stairí ar thraidisiún na tógála cloch é David agus thug siad chuig an Sliabh Dubh é, áit a ndearna sé cloch a thógáil. Tar éis a n-aistir, d'fhill siad ar Ionad Mhic Goill le hagallamh a dhéanamh le Ciarán Mac Ghiolla Bhéin os comhair lucht féachana.

Tá David ag déanamh taighde ar na bolláin mhóra seo agus ag taisteal fud na tíre á gcuardach agus á dtógáil. Thóg na daoine is láidre sna sráidbhailte na carraigeacha seo in Éirinn ársa mar chaitheamh aimsire. Dhéanfaí ceiliúradh ar na daoine seo agus scéalta á n-insint fúthu ar feadh na mblianta. Tar éis an ghorta mhóir nuair abhásaigh na milliúin Éireannach agus nuair a d’imigh milliún eile ar imirce, cailleadh go leor de na scéalta agus de na traidisiúin seo. Anois tá David ar thuras chun iad a thabhairt ar ais don phobal.

Thug Meon Eile cuairt ar an ócáid agus labhair muid le David agus Ciarán a bhí ar aon intinn gur bealach iontach é na traidisiúin ársa seo chun foghlaim fúthu féin mar Éireannaigh.

Tá tuilleadh eolais ar David agus an taighde a dhéanann sé ar fáil anseo.

Close
Close