Poc Fada CLG Dhoire

Bhí craobh Dhoire de chomórtas Poc Fada na hÉireann ar siúl ar an Charn i Sleacht Néill tráthnóna Dé Domhnaigh.

Labhair Meon Eile le Pádraig Ó Mianáin a d'eagraigh an comórtas agus a mhac Ruairí a ghlac páirt ann.

Bhí ceithre chomórtas ann ar an lá: comórtas na bhfear, comórtas na mban, comórtas faoi 16 na gcailíní agus comórtas faoi 16 na mbuachaillí. Ghlac idir óg agus aosta páirt iontu agus ba léir gur bhain gach duine sult as an spórt.

Labhair Pádraig faoi stair an chomórtais thar na blianta agus d'inis Ruairí faoin difear idir an poc fada agus an iomáint féin a imirt.

Beidh Craobh Uladh ar siúl i mí an Mheithimh agus beidh dúil ag na hiomaitheoirí dul chun tosaigh go Craobh na hÉireann.

Close
Close