Na meáin agus CLG – iriseoirí fiosracha agus bainisteoirí coimeádacha

Agus Cluiche Ceannais na Craoibhe ar tí tosú an deireadh seachtaine seo, amharcann muid ar an ghaol athraithe idir na meáin chumarsáide agus Cumann Lúthchleas Gael ag leibhéal idirchontae le scór bliain anuas.

An samhradh seo, tharraing cuid den lucht anailíse an oiread céanna airde orthu féin agus a tharraing na peileadóirí a raibh siad ag trácht orthu.

Is beag faoiseamh atá faighte ag roinnt bainisteoirí agus imreoirí ó na tráchtairí agus an tslat á stríocadh ag lucht na teilifíse agus na nuachtán araon.

Labhair muid le Séamus Mac Géidigh, tráchtaire CLG le RTÉ Raidío na Gaeltachta, agus le Seán Seosamh Ó Dochartaigh, iar-bhainisteoir idirchontae agus fear a d’imir os cionn 100 cluiche do Dhún na nGall, faoi na hathruithe atá feicthe acu le linn a gcuid ama ar an dá thaobh den sconsa.

Dhírigh muid ar an choimhlint idir na meáin féin, tionchar na nuachtán, súil ghéar na n-anailísithe, síceolaíocht na bainistíochta agus an gaol éagsúil a bhaineann le tráchtaireacht i nGaeilge.

Tuairim an tráchtaire

Séamus Mac Géidigh Tuairim an tráchtaire

Tuairim an bhainisteora

Seán Seosamh Ó Dochartaigh Tuairim an bhainisteora

Cad a cheapann tusa?

An mbíonn lucht anailíse ró-ghéar agus iad ag trácht ar hiarrachtaí bainisteoirí agus imreoirí idirchontae…nó an bhfuil an anailís cothrom leis an ardán ar a bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael ag iarraidh a gcuid cluichí a chraoladh?

Roinntígí bhur dtuairimí linn…

Close
Close