Na Gaeil Óga ar cuairt go Béal Feirste

Tháinig Na Gaeil Óga ó Bhaile Átha Cliath ar cuairt go Béal Feirste le déanaí. D’imir an fhoireann iománaíochta s’acu i gcoinne Naomh Pól oíche Aoine agus bhí an bua ag Naomh Pól. Ar an Satharn thug siad aghaidh ar Laochra Loch Lao sa pheil agus níor éirigh leis Na Gaeil Óga an lámh in uachtar a fháil ar Ghaeil Bhéal Feirste.

Ní cluichí CLG an t-aon rud amháin a bhí ar siúl thar an deireadh seachtaine.

Rinne dream dóibh turas stairiúil ar Bhóthar na bhFál maidin Shathairn agus cuireadh deireadh leis an chuairt le hoíche mhór cheiliúrtha sa Chultúrlann agus i Réalta oíche Shathairn.

Chaith Meon Eile an deireadh seachtaine ina gcuideachta agus ceiliúradh á dhéanamh ar an dea-chaidreamh idir Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao.

Close
Close