Milseog an fhómhair ag CLG

Milseog an fhómhair ag CLG

Díreach i ndiaidh féasta chraobhacha idirchontae an tsamhraidh a chur dínn, shílfeá go mbeadh a sáith ite ag lucht Chumann Lúthchleas Gael ach, dáiríre, tá siad ann a deir gur sna seachtainí idir lár Mheán Fómhair agus an Nollaig a imrítear na cluichí is tábhachtaí den iomlán – Craobhacha na gClubanna. Is iad na clubanna cnámh droma nó cuisle na beatha ag an CLG.

D’ainneoin gurb iad na himreoirí contae a thuilleann agus a shaothraíonn na ceannlínte agus a mheallann na sluaite síoraí chuig cluichí móra an tsamhraidh, gan struchtúr maith clubanna taobh thiar díobh níorbh ann do na cluichí contae. Is ceart agus is cóir, mar sin de, go ndéantar an mhilseog bhlasta seo a riar orainn gach fómhar agus go bhfaigheann na clubanna a gcuid féin den spotsolas ar feadh tamaill.

Dála na gcluichí contae, d’fhéadfaí a rá gur i gCúige Uladh is mó a bhíonn an iomaíocht ghéar, i dtaca leis an pheil de cibé.

Bhíothas ag tuar i mbliana go mbeadh Sleacht Néill ar an chéad chlub riamh leis an dá chraobh, idir pheil agus iomáin, a bhuachan sa bhliain chéanna agus ar an chéad chlub as Doire le craobh na hiomána a bhreith leo ach ar an drochuair dóibh, tá an traein áirithe sin imithe de na ráillí le coicís anuas.

Chloígh curaidh Aontroma, Bun Abhann Dalla, iad más ar éigean Dé san iomáin agus dhá lá ó shin fuair Both Mhuineacháin an ceann is fearr orthu sa pheil. Deireadh cineál tobann leis an bhliain acu i ndiaidh na n-éachtaí a rinne siad go dtí seo. Ach, dáiríre, is eiseamláir de chlub iad. Tá an pheil, an iomáin agus an chamógaíocht acu ag leibhéal iontach ard agus chaithfeá trua a bheith agat dóibh gurbh éigean a oiread sin cluichí a imirt taobh istigh d’achar gairid ama. Ach sin é an t-ualach a thagann leis an rath agus lena oiread céanna díograise a bheith acu don dá chluiche.

Cé atá fágtha, mar sin de, i gcraobh peile Uladh agus cé hiad rogha na coitiantachta? Tá idir na ‘gnáthamhrastaigh’ agus na gearrcaigh ann. Tá Crois Mhic Lionnáin ann go fóill ach dar lena lán nach bhfuil siad leath chomh maith agus a bhíodh nuair a bhí siad ina neart agus is cinnte go dtabharfaidh Cill Chua an Dúin a sáith dóibh nuair a chasfar ar a chéile iad. Bhuail Cill Chua iad arú anuraidh agus fágann sé sin nach mbeadh lá eagla orthu rompu. Thuarfainn féin bua ag lucht an Dúin. An Bhoth agus Trileac a bheas sa chluiche leathcheannais eile.

Rinne na lucht Mhuineacháin éacht nuair a chloígh siad curaidh ‘14 ach tá an cheist ann faoi Shleacht Néill agus an iomad cluichí a d’imir siad. Is beag atá déanta le tamall de bhlianta ag curaidh Thír Eoghain sa chraobh seo ach bhí bua iontach ag Trileac ar Naomh Conaill dhá lá ó shin agus tá mé ag tuar gurb iad na hEoghanaigh in éadan Chill Chua a bheas sa chluiche ceannais i mbliana.

Agus cad é faoin chuid eile den tír? Tá cuma mhaith ar na curaidh reatha náisiúnta, Cora Finne, ach bíonn sé iontach doiligh an chraobh seo a bhuachan dhá uair i ndiaidh a chéile. Tá Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh, inter alia, rompu go fóill thiar i gConnachta agus ní chuirfeadh sé iontas orm dá dtiocfadh curaidh Mhaigh Eo tríd an chraobh sin. Raonaithe Nemo – a bhfuil Tomás Ó Sé ina measc anois – is dóichí a thiocfaidh amach as an Mhumhain. I dtaca le Cúige Laighean de, tá Naomh Éanna Bhaile Baodáin i ndiaidh an t-im a chur tríd an bhrúitín agus Naomh Uinseann a chloí agus déarfainn féin gur eatarthu siúd, Port Laoise agus Sairséalaigh Dhroichead Nua atá craobh peile Laighean.

Is trua go gcaithfear craobh clubanna na hiomána a imirt ag an am seo den bhliain. Dá olcas iad dálaí an gheimhridh ag peileadóirí is míle measa an lábán agus an fhearthainn ag na hiománaithe. Ar na clubanna is láidre atá fágtha i gcraobh na hiomána ar fiú súil a choinneáil orthu, tá Clárach Chill Chainnigh, An tAbhallort-An Bealach Loch Garman, Piarsaigh Luimnigh agus Sairséalaigh Dhúrlas Éile.

Ach ná déanaimis dearmad, ar ndóigh, de churaidh Aontroma, Bun Abhann Dalla. Ocht n-uaire san am a chuaigh thart a chuaigh foireann as Aontroim chomh fada le Lá Fhéile Pádraig sa chomórtas seo – ag cloí leithéidí Bhaile Átha an Rí, Chnoc Síon, Port Omna, na bPiarsach – agus dhá uair acu sin, thug Loch gCaol craobh na hÉireann abhaile leo.

Ná díoltar iománaithe Aontroma faoina luach sa chomórtas seo!

Close
Close