Meiriceánaigh i mbun iomána

Meiriceánaigh i mbun iomána
Grizzlies Montana
Grizzlies Montana

Síne Nic an Ailí

MISSOULA, MONTANA

Ní beag an t-éacht é do chlub nua iomána comórtas náisiúnta a bhuachaint sa chéad bhliain dá bhunaithe, ach sin go díreach a rinne foireann iomána na Montana Grizzlies sna Stáit Aontaithe anuraidh.

Níos fearr fós, chosain muintir Ollscoil Montana an chraobh chéanna sa bhaile i Stad Washington-Grizzly in Missoula le déanaí, agus thug siad leo Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta an NCGAA don dara bliain as a chéile ar 24 Bealtaine 2015.

Is iad an chéad fhoireann leis an gcraobh a thabhairt leo dhá bhliain as a chéile ó cuireadh tús leis an gcomórtas in 2011, agus ciallaíonn sé seo nach raibh bliain ann ó bunaíodh Montana Grizzlies Hurling Team nárbh curaidh Mheiriceá san iomáint iad.

Is léiriú í an fhoireann iománaíochta seo ar an méadú as cuimse atá tagtha – agus atá fós ag teacht – ar an spéis san iomáint ar fud Mheiriceá le blianta beaga anuas.

Bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael na gColáistí Náisiúnta (NCGAA) sa bhliain 2009, agus í mar aidhm ag an eagras tacú le forbairt na bhfoirne nua peile Gaelaí agus iomána ar champais choláistí ar fud na Stát Aontaithe, agus chun struchtúr a chur ar fáil le go bhféadfaí cluichí comórtais a imirt.

Tháinig sé seo sna sála ar bhunú chlubanna iomána in ollscoileanna ar fud na tíre, leithéidí Ollscoil California, Berkeley, in 2008; Ollscoil Stanford in 2007; agus Ollscoil Indiana in 2007 ina measc, cé gur mar ghnáthchlub iomána i measc an phobail a bhí sa chlub in Indiana ar dtús báire.

Bhunaigh beirt mhac léinn ó Ollscoil Purdue an club lúthchleas Gael de chuid an choláiste úd i mí Lúnasa 2005 nuair a d’fhilleadar ó thréimhse a chaitheamh ag staidéar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Chonaic siad iománaithe i mbun imeartha agus iad in Éirinn, agus rug siad dúil i spórt áras na laochra Gael abhaile leo go Meiriceá.

Chonaic mé féin an spéis sin ag fás agus ag forbairt fad agus a bhí mé ag múineadh na Gaeilge in Montana le beagnach naoi mí anuas anois freisin, buíochas le cúntóireacht mhúinteoireachta i dteangacha iasachta de chuid an Choimisiúin Fulbright.

Chonaic mé fiosracht sa spórt aisteach seo as Éirinn á cothú i measc an phobail áitiúil in Missoula gach seachtain agus daoine ag iarraidh dul i dtaithí ar luas an chluiche agus ar an trealamh neamhghnách a bhaineann leis.

Is spórt ar leith í an iomáint nach ionann í go díreach le rud ar bith atá feicthe ag na Meiriceánaigh roimhe seo, ach atá cosúil go maith ar bhealaí éagsúla le mórspóirt na Stát Aontaithe mar sin féin.

Iarradh orm go minic an bata baseball a bhí i mo lámh agam nuair a thaisteal mé ar an mbus leis an gcamán, fiosraíodh díom ag traenáil an lacrosse nó field hockey a bhí ar bun againn, nó cuireadh ceist orm cad é faoin spéir a bhí ar siúl againn leis an sliotar nuair a bhíodh mé ag pocáil thart os comhair an tí le cairde.

Is leor an suim sa spórt trí chéile do Mheiriceánaigh áirithe a thugann faoi dhúshlán na hiomána, ach baineann gné na hoidhreachta go mór leis do chuid eile acu.

Grizzlies Montana
Grizzlies Montana

Áirítear breis ‘s 30 imreoir – idir fhir agus mhná – ar an Montana Grizzlies Hurling Team anois, agus is meascán de mhic léinn as Meiriceá agus de mhic léinn mhalairte agus iarchéime as Éirinn atá i gceist leo.

Tá cuid de na Meiriceánaigh ag foghlaim na Gaeilge agus ag tabhairt faoin mionúr sa Léann Éireannach in Ollscoil Montana, cuid eile acu ag teacht ó theaghlaigh gur imiricigh as Éirinn iad a sinsir, agus cuid eile arís nach bhfuil ann ach go dtaitníonn spóirt agus cultúr na hÉireann leo.

Is maith leis na Gael-Mheiriceánaigh gur féidir leo triail a bhaint as cluiche as Éirinn atá breá Gaelach agus a théann siar na cianta, ach atá fós leabaithe go domhain i sochaí Éire na linne seo freisin.

Níor imir mise iománaíocht ná camógaíocht go dtí gur thuirling mé i Meiriceá – nach ait an saol é! Ach tháinig mé go Missoula mar cúntóir teagaisc Fulbright i gcomharba ar Naoise Waldron, duine de bhunaitheoirí an chlub iomána in 2013; léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann le cláir mhalairte dá leithéid le tuiscint agus le meas ar theanga agus ar chultúr na hÉireann araon a spreagadh thar lear.

Ba léir dom ón tús gur pobal ar leith a bhí i gceist leis an bhfoireann iomána in Ollscoil Montana, agus go mba bhealach den scoth é le haithne a chur ar mhic léinn as Meiriceá agus ar Éireannaigh eile in Missoula.

Tuigtear dom gurb amhlaidh an scéal in ollscoileanna sna stáit eile freisin, agus is de réir a chéile atá an suim seo san iomáint á tógáil ó cheann ceann na tíre.

Tá clubanna iomána ó Colorado go Connecticut agus ó Santa Cruz go South Carolina cláraithe anois le Cumann Lúthchleas Gael na gColáistí sna Stáit Aontaithe.

Thaisteal imreoirí ó Denver, Pittsburg, California, agus an iliomad áiteanna eile achar an-fhada, iad ag triail ar Missoula le tabhairt faoin gcúigiú sraithchomórtas bliantúil de chuid an NCGAA cúpla seachtain ó shin.

Leis an gcraobh sin bainte ag foireann iomána Ollscoil Montana in athuair, is curaidh gan cloí iad na Montana Grizzlies anois, agus níl oiread agus cluiche coláiste oifigiúil amháin caillte acu ó cuireadh tús leis an bhfoireann i mí Mheán Fómhair 2013.

Is comhartha é seo ar an gceird atá ag roinnt de na himreoirí as Meiriceá, imreoirí a bheadh lán chomh maith leis na hiománaithe sa bhaile in Éirinn, nó níos fearr fiú.

Tá club iomána áitiúil dar teideal Hellgate Hawks tosaithe anois in Missoula dóibh siúd nach mic léinn ollscoile iad a thuilleadh, agus tá cleachtaí iománaíochta á gcur ar fáil do dhaoine óga faoi aois sa cheantar den chéad uair riamh freisin an samhradh seo.

Is ré órga iomána é seo do chúrsaí iománáníochta in Montana agus ón méid forbartha atá feicthe agamsa in Missoula i gcaitheamh na bliana, táim den tuairim go bhfeicimid na Meiriceánaigh i mbun iomána i bPáirc an Chrócaigh sár i bhfad.

Agus nuair a tharlaíonn amhlaidh, ní bheidh ach gáir amháin le cloisteáil uaimse – Griz abú!

Ba chúntóir teagaisc i dteanga iasachta í Síne Nic an Ailí in Ollscoil Montana, Missoula, le naoi mí anuas buíochas le dámhachtain Fulbright. Tá sí ar sos gairme óna post mar Fheidhmeannach Forbartha le Conradh na Gaeilge ach beidh sí ar ais i mbun stocaireachta leis an eagras abhcóideachta úd ó mhí Iúil 2015.

Tuilleadh eolais: www.facebook.com/montanagrizzlieshurling

Twitter: @GrizHurlers

Eolas teagmhála: [email protected]

Close
Close