Lá stairiúil do réiteoireacht CLG

Máire Treasa Ní Cheallaigh – iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4

“Sometimes it’s hard to be a woman,” a chan Tammy Wynette tráth den tsaol.

Caint ar chrá croí de bharr ghalar an ghrá a bhí Tammy bhocht, ach shamhlóinn gur iomaí uair a chan mná ar fud an domhain mhóir an líne sin agus iad ag déileáil le himeachtaí nó ceisteanna éagsúla an tsaoil.

In ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta ag ceannceathrú Chumann Lúthchleas Gael mná a mhealladh isteach san eagraíocht agus iad a bhrú chun cinn, ní thógfadh duine ar bith ar Maggie Farrelly é má bhí sí féin ag mothú go raibh constaicí breise roimpi, de bharr a hinscne.

Údar bróid di é gurbh í an chéad bhean riamh í a rinne réiteoireacht ar chluiche craoibhe idirchontae na bhfear.

Ní dearnadh cheana é.

Cluiche mionúir peile a bhí ann, Fear Manach in aghaidh Aontroma ag Páirc Brewster in Inis Ceithleann.

Níorbh é gurbh é an lá inné an chéad lá ag Maggie Farrelly Chontae an Chábháin dul chun páirce agus feadóg ina glaic agus cártaí ildaite ina póca.

Tá aithne fhorleathan uirthi le blianta mar dhuine de na hoifigigh is cumasaí ó thaobh pheil na mban de.


Tá sean-chleachtadh ag bean Bhreifne ag baint amach tailte nua.

Anuraidh, bhí sí ar an gcéad bhean riamh a bhí ina maor feidhmithe ag cluiche peile sinsir idirchontae na bhfear i bPáirc an Chrócaigh.

Cluiche sraithe a bhí ann, Ciarraí in aghaidh na seaimpíní uile-Éireann, Baile Átha Cliath.

Is cuimhin liom go maith an oíche de bharr an fhuachta a bhí san aer.

D’fhulaing muid, ag múranna báistí agus clocha sneachta, a bháigh muid go craiceann.

Sin í an oíche chéanna a chaith Paul Galvin in aer an imirt do Chiarraí, ach in imeacht bliana, tá sé ar ais arís.

Bhí ábhar cainte eile ann an oíche sin, agus b’shin í an bhean gléasta i ndubh agus i nglas.

Is cuimhin liom freisin go ndearna sí roinnt agallamh ar an taobhlíne ag leath ama, de bharr an iontais go raibh bean scaoilte i bhfoisceacht scread asail do chluiche ceart, nó fíor-chluiche.

Ag an am, labhair sí faoina mórtas gur éirigh léi dul chomh fada sin.

Cupla geábh ó shin, tá sé ráite agam liom féin, meas tú an mothaíonn fir an bród céanna agus iad ag déanamh an jab céanna?

Nó an dtuigeann siad go bhfuil sé i bhfad níos éasca siúl trí dhoras atá oscailte duit leis na blianta fada?

I gcás Maggie Farrelly, bhí chuile choiscéim go dtí táirseach an dorais sin saothraithe go maith aici.

I 2011 bhí sí ar an aon bhean amháin a fuair cuireadh ballraíochta ó Acadamh Réiteoireachta Uladh, sin tar éis di scrúdú scríofa agus fisiciúil a dhéanamh.


Má bhí sí le dhul ar thóir ionspráide, sa bhliain chéanna agus a rinneadh ball d’Acadamh Réiteoireachta Uladh di, tá súil agam nár chaith sí an iomarca ama i mbun macnaimh faoi bhan-réiteoir eile mór le rá, Sian Massey.

Má tá tú ag strachailt ag iarraidh cuimhniú cé hí Sian Massey, smaoinigh ar Andy Gray.

Bhí a tréimhse ar thaobhlínte éagsúla déanta aici an lá sin i 2011 nuair a bhí sí ar dualgas sa chluiche idir Liverpool agus Wolverhampton.

Ní rachaidh mé ag cíoradh an scéil arís, ach ní faoina scileanna maoirseoireachta a bhí daoine ag caint nuair a scaoileadh taifead faoi céard a bhí á rá fuithi ag craoltóirí áirithe.

Ní dhearna sí féin tada as marc.

Rinne sí a cuid oibre, agus nuair a bhris an chonspóid in sna meáin, d’íoc Sian Massey as ar an mbealach ba mheasa.

Tógadh a cuid dualgas uaithi.

Bhí sí in ainm agus a bheith ag obair ag cluichí éagsúla ach tógadh den uainchlár faoi dhó í mar go raibh sí ag tarraingt an iomarca airde, an spotsolas uirthisan seachas ar na cluichí a dúradh.

D’imigh mí, beagnach, sular scaoileadh ar ais í.

Go dtí an lá atá inniu ann, mothaím gur ligeadh síos í.


Deirtear mura dtugtar súntas don réiteoir go bhfuil jab maith déanta aige.

Ní raibh aon dul as inné ach aird faoi leith a thabhairt don réiteoir de bharr chomh heisceachtúil agus a bhí an radharc.

Tá súil agam anois agus an doras oscailte ag Maggie Farrelly go leanfaidh mná eile í, ach nach dtabharfar súntas na ngrást dóibh agus iad ag comhlíonadh cuid de na rólanna is lú buíochas agus is mó cáineadh sa tír.

Tá an deis sciolladh futhu agus cáineadh orthu anois ag na mná chomh maith.


Oh! Agus is iad Aontroim a ghnóthaigh, le farasbarr dhá chúilín.

Ach, ní raibh aon spéis agat sa toradh i ndáiríre.


Close
Close