Iománaíocht agus Camógaíocht shóisialta á n-imirt ag Gaeil Dhoire

Tosaíodh grúpa iománaíochta agus camógaíochta sóisialta i gcontae Dhoire i mbliana agus labhair Meon Eile le Pól Mac Brádaigh, a bhunaigh an grúpa, faoi cad é atá ar bun acu.

Thosaigh Pól leis an ghrúpa iománaíochta sóisialta díreach roimh phandéim Covid-19 ach níor éirigh leis toiseacht i gceart leis go dtí mí Lúnasa i mbliana.

Anois tá grúpa camógaíochta sóisialta bunaithe aige agus tá an dá ghrúpa ag dul ó neart go neart.

Bailíonn fir agus mná le chéile atá éirithe as an iomáint agus camógaíocht le blianta anuas agus imríonn siad cluiche sóisialta gach seachtain. Ní hamháin go bhfuil aclaíocht i gceist ach tá deis acu, ‘an cluiche a bhfuil siad i ngrá leis, a imirt’ mar a deir Pól féin. Go n-éirí leo!

Close
Close