Is club aitheanta CLG é Gort na Móna, atá suite in Uachtar Cluanaí, Béal Feirste, agus i mbliana, tá sé ag ceiliúradh 50 bliain ar an fhód.
Leis an chlochmhíle shuntasach sin a chomóradh, chinn an club ar chlár faisnéise a dhéanamh, ag insint scéalta agus stair an chumainn ón bhliain 1974 ar aghaidh.
Thug Meon Eile cuairt ar an chéad léiriú den scannán Gort na Móna: Pride of the Turf. Labhair muid le stiúrthóir an chláir, Ciarán Ó Brolcháin, atá ina bhall den chumann, faoin spreagadh a bhí taobh thiar de. Dúirt sé linn go raibh sé mar aidhm aige scéalta pearsanta na ndaoine a bhunaigh an club a insint, chomh maith le cluinstin ó na daoine óga a bhíonn ag imirt leo inniu.
Labhair muid fosta le Ronán Ó Scolláin agus le Katie Ní Eireamhóin. D'inis siad dúinn faoin ról larnach atá ag an chlub i saol sacu agus faoin fhorbairt ollmór atá tagtha ar an chlub thar na blianta.
Thig leat amharc ar Gort na Móna: Pride of the Turf anseo.
Tá muid go mór faoi chomaoin ag Gort na Móna agus NVTV as a gcuid tacaíochta leis an fhíseán seo a dhéanamh.