Ionad aclaíochta Sean McComb

I mí an Mhárta d’oscail an dornálaí Sean McComb agus an traenálaí pearsanta Marty O'Hara doirse an ghiom nua atá acu, Missile Fitness, in iarthar Bhéal Feirste.

Le linn an dianghlasála, bhí Marty ag obair óna chistín ag déanamh ceachtanna aclaíochta agus bhí Sean ag taisteal ó Albain go hÉirinn go minic agus é i mbun traenáil dornálaíochta. Bhí deacrachtaí acu a ngnó úr a thosú le linn do shrianta Covid a bheith i bhfeidhm ach tá an giomnáisiam á fhorbairt le cúig mhí anuas agus níos mó ná ochtó cliant acu faoi láthair.

Suite ar Bhealach Uí Chinnéide, taobh leis an mhótarbhealach, is suíomh breá atá ag an ghiom. Má tá fonn ort féin a bheith i do bhall de Missile Fitness, bíonn trí cheacht acu achan lá, mar aon le comhairliúchán saor in aisce achan Satharn.

Deir Sean gurb é an rud is deacra ná siúl isteach an doras ach nuair atá sin déanta agat, tá tú céim chun tosaigh i dtaca le do shláinte choirp agus intinne sláinte a fheabhsú.

Is féidir dul i dteagmháil le Missile Fitness anseo le háit a chur in áirithe faoi choinne comhairlúcháin.

Close
Close