Féile Thomáis Shleacht Néill

Reáchtáladh Féile Thomáis den chéad uair riamh ag tailte Shleacht Néill agus Ionad an Chairn i gCarn Tóchair ag deireadh na seachtaine seo caite. Cuireadh tús leis an fhéile seo le comóradh a dhéanamh ar shaol Thomáis Uí Chasaide a bhí mar chomhbhainisteoir an chumainn áitiúil CLG ach a d’éag i Mí Dheireadh Fómhair seo a chuaigh thart.

Ba é Sleacht Néill an chéad chlub ariamh le tréchleas craoibhe a bhaint amach i gCúige Ulaidh sa pheil Ghaelach, san iomáint agus sa chamógaíocht in 2016. Gídh go raibh bliain thar na bearta ag an chlub bhí brón le brath taobh le taobh le bród na n-imreoirí nuair a cailleadh comradaí agus crann taca s’acu, Tomás Ó Casaide.

D’imir Tomás dlúthpháirt sa chlub agus sa phobal i gcoitinne agus meas an phobail ar achan ní a raibh bainte amach aige leis na cluichí Gaelacha, an teanga agus cultúr na tíre a tharraingt le chéile.

D’imir iníonacha Uí Chasaide Aoife, Bróna agus Eilís ar an pháirc imeartha ag an chluiche ceannais cúpla lá i ndiaidh daofa a ndaidí dílis a chur faoi thalamh.

Thug captaen na foirne, Aoife, óráid chumhachtach i nGaeilge ar an lá úd in ómós do Thomás chomh maith.  

Roinnt míonna ar aghaidh shocraigh Clann Uí Chasaide, mar aon le gníomhaithe eile an phobail, gur cheart agus gur chóir féile a reáchtáil in ómós do Thomás le ceiliúradh a dhéanamh ar na bunphrionsabail ar fad a bhí aige féin agus ar na gnéithe éagsúla a raibh dáimh aige orthu a tharraingt le chéile.

Is iad sin ná na cluichí Gaelacha, ceol, cultúr agus teanga.

Bhí Meon Eile i láthair ag imeachtaí an deireadh seachtaine.   

Close
Close