Lá iontach ag Féile Peile Bhéal Feirste

Tháinig Gaelscoileanna áitiúla as gach cearn de Bhéal Feirste le chéile ar na mallaibh le pairt a ghlacadh sa chomórtas Féile Peile.

Thosaigh Corn Liam Uí Mhuirí 12 bhliain ó shin agus is é seo an 10ú bliain den chomórtas a chuireann CLG chun cinn i measc daltaí Gaelscoileanna.

Is i Spórtlann na hÉireann ar Bhóthar na bhFál a bhí an comórtas ar siúl agus cé go raibh an aimsir olc ar an lá, níor chuir sé isteach ar an spórt ná ar an spraoi.

Labhair muid le daltaí ó Ghaelscoil Éanna agus Scoil an Droichead, chomh maith le Bronagh McCavigan, muinteoir ó Ghaelscoil Ghleann Darach, agus le Pádraig Mac Cathail ó Choláiste Feirste faoi ról an spóirt i saol na bpáistí.

Close
Close