Bliots peile na nGaelscoileanna i nDoire

Chruinnigh trí Ghaelscoil le chéile i bPáirc na gCeilteach ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar Bhunscoil Cholm Cille a bheith 40 bliain ar an fhód, 20 bliain de Naíscoil na Daróige, agus 25 bliana de Ghaelscoil Éadain Mhóir. Chun na cloch mílte móra seo a cheiliúradh, d’eagraigh príomhoidí na scoileanna teacht le chéile le bliots peile a dhéanamh. 

Thug Jarlath Burns, Uachtarán an Chumann Lúthchleas Gael, cuairt ar an ócáid iontach seo le tús a chur leis an lá. Dúirt sé leis na páistí go raibh sé thar a bheith tábhachtach Gaeilge a labhairt taobh leis na cluichí Gaelacha.

Labhair Meon Eile le Fiachra Ó Donghaile, Príomhoide Ghaelscoil na Daróige, Mary Nic Ailín, Príomhoide Ghaelscoil Éadain Mhóir agus Máire Mhic Lochlainn, Príomhoide Bhunscoil Cholmcille faoin imeacht é féin agus faoin tábhacht a bhaineann leis na cluichí Gaelacha i saol na scoile s’acu.

Close
Close