Cosúil le gach duine eile sa tír faoi láthair tá laochra peile Chumann Lúthchleas Gael ag cloí leis na treoirlínte imshrianta agus ag fanacht sa bhaile le linn ghéarchéim COVID-19.
Tá 15,472 cás de COVID-19 deimhnithe in Éirinn anois.
D'fhógair na húdaráis sláinte sa Tuaisceart go bhfuil 113 cás nua den víreas ann ó bhí inné ann.
Sin 2,201 cás atá deimhnithe sna Sé Chontae ar an iomlán agus 158 atá básaithe de thoradh an choróinvíris.
D'fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh 724 cás nua sa Phoblacht ó bhí inné ann fosta.
Tá 13,271 cás den víreas atá deimhnithe sa Phoblacht anois agus tá 487 básaithe.