Sean McComb ag labhairt ar an tionchar atá ag Covid19 ar na seónna dornálaíochta

Tá an saol athraithe go mór de dheasca Covid-19 ach diaidh ar ndiaidh tá siopaí agus bialanna á n-oscailt arís agus tá tús á chur le himeachtaí spóirt in athuair go fiú. Labhair Sean McComb, dornálaí gairmiúil, linn faoin tionchar atá ag Covid-19 ar an saol dornálaíochta agus é ag ullmhú do throid in Wakefield, Sasana – an chéad troid riamh aige nach mbeidh lucht féachana ag faire uirthi. 

 Deir sé go bhfuil tionchar ag Covid-19 ar achan ghné den traenáil don troid mar gheall ar an scaradh sóisialta. Is cinnte go gcruthaíonn lucht féachana aidréanailín ar leith do na dornálaithe agus iad ag troid ag na seónna dornálaíochta. Agus gan amhras, beidh tionchar aige sin chomh maith ar an atmaisféar a bhraithfidh an lucht féachana agus iad ag faire ón bhaile. Ní áibhéil a rá go gcuireann McComb, arb as Béal Feirste dó, seó den chéad scoth ar fáil i gcónaí agus is amhlaidh a chuirfidh an uair seo chomh maith.  

Beidh an troid ar fáil ar shuíomh YouTube iFL TV agus ESPN+ i Meiriceá. 

Close
Close