An tseachtain seo caite, baineadh cuid de na srianta a bhain leis an choróinvíreas ó Thuaidh agus anois tá cead againn spórt a imirt taobh amuigh i ngrúpaí suas le cúigear déag. Bhí áthas ar Chumann Camógaíochta Naomh Pádraig i nDún Geimhin go raibh siad in ann filleadh ar an traenáil agus mar sin labhair Meon Eile le roinnt ball den chumann chun a dtuairimí a fháil ar an athrú.
Bhí Caoimhe Uí Mhaoildeirg iontach sásta chun na cailíní ón fhoireann faoi 8 a fheiceáil arís agus tá sí ag súil leis an chamógaíocht ar fad atá le teacht i mbliana.
Labhair muid fosta le hOrlaith Ní Mhaoláin agus luaigh sí an tábhacht a bhaineann leis an spórt don mheabharshláinte.
Is léir go bhfuil gach duine i nDún Geimhin ar mhuin na muice agus iad ar ais ag imirt arís - go n-éirí leo!