Cuimhní Craoibhe – Laethanta Órga Thír Eoghain

Cuimhní Craoibhe – Laethanta Órga Thír Eoghain

Tá tús á chur againn le sraith nua inniu, Cuimhní Craoibhe, ina n-amharcann muid siar ar fhoirne móra peile chúige Uladh a rinne beart i gCraobh na hÉireann.

Le Tír Eoghain i gcluiche leathcheannais na craoibhe i gcoinne Chiarraí an Domhnach seo, is cóir agus cuí go gcuireann muid tús leis an tsraith ag amharc siar ar fhoirne an chontae a thóg leo Corn Sam Mhig Uidhir faoi thrí idir 2003 agus 2008.

Níos túisce an tseachtain seo, labhair muid le hiar-imreoir an chontae, Mark Harte, ag páirc a chumainn, Aireagáil Chiaráin i mBaile Uí Dháiligh, faoi na cuimhní agus a chuid tuairimí ar laethanta móra an chontae…

Cuimhní Craoibhe - Tír Eoghain

Ba lena gcomharsana Ard Mhacha a tháinig cuid de na coimhlintí ab fhíochmhara agus ba bhrúidiúla roimh Thír Eoghain i mblianta na mílaoise.

Is Ard Mhacha a bhí roimh Thír Eoghain ag an chliath dheiridh in 2003. D’éirigh le Peter Cavanagh an contae a threorú i dtreo na craoibhe in ainneoin é a bheith gortaithe sa chluiche ceannais.

Cuireadh an fhoireann siar le bás tobann an chaptaein, Cormac Mc Anallen, i Márta 2004. Tháinig Tír Eoghain ar ais go láidir arís in 2005 agus Ciarraí curtha go droim seoil acu sa chluiche ceannais, rinne siad an t-éacht céanna in 2008. Leoga, tá cáil ar a gcluichí i gcoinne Chiarraí i measc na gcluichí ceannais ab fhearr i mblianta na mílaoise.

Tá Tír Eoghain ar líon beag foirne nár éirigh le Ciarraí a bhualadh i gcluiche craoibhe i bPáirc an Chrócaigh… comhartha maith d’fhir Uladh an Domhnach seo?

Tá na grianghraif san fhíseán thuas á n-úsáid faoi cheadúnas Creative Commons. Gabhaimid buíochas le CLG Uladh, Michael McGonagle, Kenneth Allen, Rallyretro, Derbhla S agus John H. Nolan.

Close
Close