Cruinniú Poiblí ag Laochra Loch Lao faoi bhuanstádas

Cruinniú Poiblí ag Laochra Loch Lao faoi bhuanstádas

Tá cruinniú poiblí á eagrú ag Laochra Loch Lao i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich san oíche amárach ag 7in le plé a dhéanamh ar fho-chumann lán-Ghaeilge a bhunú i gCeathrú Ghaeltachta Bhéál Feirste.

Beidh cruinniú eile i gcathair na Gaillimhe i dtrátha an ama chéanna ag féachaint foireann eile lán-Ghaeilge, Gaeil na Gaillimhe, a chur ar bun ansin.

In 2006 bhronn Comhairle Cathrach Bhéal Feirste stádas Ceathrú Ghaeltachta ar cheantar na bhFál. Sa bhliain chéanna chuaigh Laochra Loch Lao chun páirce i gComórtas Peile na Gaeltachta den chéad uair.

Go dtí seo, d’imir imreoirí le Gaeilge ó chumainn éagsúla in Iarthar Bhéal Feirste leis na Laochra. Táthar ag féachaint anois féidearachtaí forbartha a scrúdú, ina measc foireann shinsir agus foirne na n-óg.

Eagraítear Corn Liam Uí Mhuirí, Corn Choláiste Feirste agus Sciath Laochra Loch Lao mar chuid d’fhéile peile na nGaelscoileanna i measc Ghaelscoileanana Bhéal Feirste achan bhliain. Tá foireann Faoi 17 sa Cheathrú Ghaeltachta a ghlacann páirt i gcomórtais scoileanna chomh maith.

Deir Feargal Mac Ionnrachtaigh agus Séamus Ó Tuama go bhfuil bá láidir sa cheantar dá leithéid agus gur am tráthúil é as siocair comóradh 100 bliain ó bunaíodh Cumannn Uí Dhonnabháin Rosa ar Bhóthar na bhFál agus 10 mbliana ó bhunú na Laochra féin…

Laoch na Laochra
Close
Close