Chuir Spórtlann na hÉireann críoch le Seachtain Frithchiníochais na Gaeilge 2026 le Corn Frithchiníochais Feirste Dé Domhnaigh seo caite.
Comórtas sacair cúigear an taobh a bhí ann, le hionadaíocht ag grúpaí ar nós United Against Racism, Youth Initiatives agus Friends of Africa, agus ag pobail áitiúla arbh as réimse leathan de thíortha dóibh ó dhúchas, amhail Gána, an tSiria agus an tSiombáib.
Maidin ghnóthach a bhí inti agus sé fhoireann déag san iomaíocht. D’ardaigh an paisean de réir a chéile, cinnte, agus an cluiche ceannais ag teannadh leis na foirne. I ndiaidh dóibh an bua a fháil ar fhoireann Ghána i gciceanna éirice sa bhabhta leathcheannais, lean foireann Crosslinks ar aghaidh leis an chorn a bhaint in aghaidh Na Gaeil Óga.
Labhair Meon Eile le Joe Mac an Fhailí, ball den fhoireann eagrúcháin, faoin ócáid, agus faoi sprioc an chomórtais agus na féile go ginearálta.

