Comórtas Cois Lao

Is ócáid é Comórtas Cois Lao ina dtagann páistí ó rang 5 le chéile chun peil Ghaelach a imirt. Ghlac deich scoil ar fud chontae Aontroma páirt ann i mbliana agus é mar aidhm ag an chomórtas Gaeilge na bpáistí a fheabhsú.

Ag deireadh na gcluichí, bronnadh bonn ar pháiste amháin as gach scoil as an úsáid a bhain siad as an teanga ar pháirc na himeartha. 

Is iad Laochra Loch Lao, Fís an Phobail, Glór na Móna agus Ionad Uíbh Eachach a d’eagraigh Comórtas Cois Lao agus bhí sé ar siúl ar pháirceanna Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste. Bhí go leor daoine ón phobal áitiúil i láthair le tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do na páistí. 

Thug Meon Eile cuairt ar na páirceanna imeartha, áit ar labhair muid le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fhís an Phobail a dúirt go bhfuil súil acu go mbeidh an ócáid níos mó agus níos fearr an bhliain seo chugainn agus go mbeidh níos mó scoileanna páirteach ann.

Close
Close