Comhrac na nGael ó Rossa go Sleacht Néill

Comhrac na nGael ó Rossa go Sleacht Néill

Fearghal Mag Uiginn

Dá mbeadh Roibeard Éimeid agus Ó Donnabháin Rosa beirt beo agus comhaimseartha, nach breá an comhrá a bheadh acu faoin chomhrac a bheas ag an dá chlub Ultacha ag deireadh na seachtaine.

Gach seans gur as Gaeilge a bheadh siad ag caint agus teanga is cultúr na nGael sa dúchas agus go smior sna clubanna céanna.

Ach ar na cluichí Gaelacha a bheadh an aird, idir pheil agus iománaíocht.

Tá mé ag déanamh nach fada go dtógfaí an cheist faoin phlean a bheas ag Sleacht Néill le Ciarán Fada Ó Donnchaidh a cheapadh.

Déan féin do mhachnamh seal beag gairid!

Imreofar an dá bhabha leathcheannais peile ag deireadh na seachtaine.

Ar an Satharn beidh Naomh Uinseann agus Cora Finne in adharca a chéile ar an Tulach Mór agus Pádraig Ó hAodha Ard Mhacha mar réiteoir, ach is ar an Domhnach a thabharfaidh Sleacht Néill agus Cumann Aibhistín de Staic aghaidh ar a chéile i bPort Laoise agus Daithí Gough na Mí mar réiteoir.

Ó thaobh na hiomána de, tá Ó Donnabháin Rosa, Béal Feirste, sa chluiche ceannais cheana féin agus Gaeil as Londain idir iad is lámha a fháil ar an Chorn Idirmheánach.

Sa bhliain 1916 a bunaíodh an club Feirsteach agus nár bhreá leo Craobh Uile-Éireann a thabhairt leo le comóradh mar ba cheart a dhéanamh ar chéad bliain ar an fhód.

Cé go mbeidh dúshlán mór acu agus caighdeán na hiomána níos airde thall ná mar a shílfeá, tá achan seans ag Rosa an cluiche seo a bhaint.

D’aimsigh siad 2-12 sa chluiche leathcheannais agus má aimsíonn siad a mhacasamhail sin ag deireadh na seachtaine, beidh sé doiligh go maith iad a stopadh.

Beidh Curaidh na Breataine go cinnte ag iarraidh stop a chur le Tomás Ó Morgáin a bhain ceol as an eangach faoi dhó an lá deireanach.

2-2 sa chéad leath féin a scóráil sé in éadan Cheapach Choinn Phort Láirge leis an chluiche ceannais a bhaint amach.

Aoibh gháire a bheas ar Ó Donnabháin Rosa, ceapaim.

Beidh bainis mhór ag muintir Shleacht Néill ar an Satharn as siocair gur éirigh leis an iarratas ar CLG an cluiche a bhogadh chun tosaigh lá go dtí an Domhnach.

Beidh mí na meala gairid go maith agus an cluiche is mó riamh i stair an chlub le himirt níos lú ná 24 uair i ndiaidh na bainise!

Cé a bheas mar lánchúlaí ag Sleacht Néill le tionchar Uí Dhonnchaidh a cheansú?

Bhal, sa chéad áit, ní imreoidh réalt Chiarraí mar lántosaí an cluiche ar fad.  Is minice a bheas sé fá lár na páirce.

Tá ardmheas i nDoire ar  lánchúlaí óg Shleacht Néill, Breandán Mac Ruairí, ach bheadh iontas orm muna dtugtar an ról lárnach sin do Chrissy Mac Thaidhg.

Tá taithí chontae agus na hAstráile aige, é compordach ag imirt áit ar bith ar an pháirc, thig leis scóranna a aimsiú fosta agus tá barúil agam go mbeidh sé sna sála ar Chiarán Ó Donnachaidh ó thus deiridh.

Seans nach ‘Réalt’ an t-ábhar buairimh is mó a bheas ag Sleacht Néill, Shane Ó Ceallacháin a bhí mar laoch na himeartha i gcluiche ceannais na Mumhan, d’aimsigh cúl fosta.

Cuirfear deartháir Chissy Mhic Thaidhg airsean is dócha mar tá Carl ar na cosantóirí is fearr duine le duine atá i gContae Dhoire.

Trí chúl ar fad a d’aimsigh Aibhistín de Staic an lá deireanach amuigh agus gan ach 14 fear acu an chuid is mó den chluiche.

Tá taithí iontach ag Daniel Bohan, and William Kirby agus ceannairí ar fud na páirce ag Curaidh na Mumhan.  Bhí sé sin le sonrú go láidir sa chluiche deireanach, 1-4/0-0 thíos go luath, duine gann, agus go fóill bhain ar an lá, 3-5/2-4.

Bun agus barr an scéil go mbeidh ar Shleacht Néill an cluiche seo a bhaint ar chúl, má thuigeann tú leat mé!  Má ligtear trí chúl isteach beidh an lá ag muintir Chiarraí.

Ach tá cosaint Shleacht Néill chomh sprionlaithe is atá sa tír agus imríonn mar fhoireann i gcónaí gcónaí – cnámh droma ina bhfuil mianach agus teacht aniar.

Agus tá Patsaí Ó Brolcháin acu – atá ábalta cluiche ar bith a thiontú ar an lá is neart dochreidte ann.

Bhí Baile an Doire mar rogha láidir na coitiantachta le Craobh Dhoire a thógáil, Curaidh na Contae trí bliana as a chéile, Curaidh Uladh 2013, cumas iontach scórála agus tosaithe den chéad scoith a bhfuil clubanna ar fud na tíre in éad orthu faoi. 

Ach bhain Sleacht Néill! Cúl mall. Cuir ceist ar an Ómaigh. Cúilín mall arís a bhain an lá.

Tá Cumann Aibhistín de Staic mar rogha na coitiantachta, beidh Sleacht Néill ar a shuaimhneas faoi sin.  Ach níl mé cinnte an bhfuil an cumas scórála ag muintir Dhoire le dochar mór go leor a dhéanamh.

Tá féinmhuinín iontach iontu agus tá muinín iontach acu as an bhainisteoir, Mickey Moran, ach is oth liom a rá go mothaím nach aoibh gháire a bheadh ar Roibeard Eiméid sa deireadh thiar ach bród as cuimse.

Close
Close