Comhrá faoi mhaoiniú spóirt spreagtha ag rath hacadóirí ban na hÉireann


D'éirigh le foireann haca ban na hÉireann an cluiche ceannais a bhaint amach sa Chorn Domhanda i Londain ar na mallaibh.

Cé gur chaill siad i gcoinne na hÍsiltíre, ba mhór an t-éacht é go bhfuair siad an dara háit sa chomórtas idirnáisiúnta.

Spreagadh comhrá maidir le maoiniú spóirt in Éirinn mar gheall ar rath na foirne agus a laghad maoinithe a fhaigheann siad. 

Níl sé iomlán soiléir go díreach cá mhéad a fhaigheann foirne haca na hÉireann ach is ar an imreoir féin a bhíonn an fhreagracht cuid den chostas a bhaineann leis an imirt idirnáisiúnta a íoc. 

Déanann neart imreoirí spóirt eile amhlaidh in Éirinn agus is é an cleachtas sin, agus an easpa tacaíochta ón rialtas, a bhí á cheistiú ag muintir na tíre le cúpla seachtain anuas.

Labhair Meon Eile le Victoria Hamilton, imreoir haca, agus le Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir spóirt, faoi rath fhoireann na mban agus faoin chomhrá níos leithne faoi mhaoiniú spóirt in Éirinn.

Close
Close