Coimhlint mhór an Iarthuaiscirt

Coimhlint mhór an Iarthuaiscirt
Sam Maguire
Sam Maguire

Conall Ó Máirtín

Tá lá na cinniúna ann do Mhaigh Eo agus Dún na nGall nuair a thugann siad aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann don chéad uair riamh Dé Domnaigh seo i bPáirc an Chrócaigh.

Tá aoibh gháire orainn mar Ghaeil agus muid ag súil leis na contaetha Gaeltachta a fheiceáil ar an talamh naofa, ag troid leis na tinte cnámha a chur sna cnoic, ag caoineadh le háthas leis an duais is tábhachtaí i spórt na hÉireann a fháiltiú chun an bhaile.

Tá Maigh Eo ar ais sa chluiche ceannais anois agus iad ar lorg mhaithúnais as an scrios a rinne Ciarraí orthu in 2006 agus 2004.

Tá Dún na nGall ar ais sa bhabhta ceannais don darna huair i stair an chontae agus iad ag dúil go mbeidh siad ábalta forbairt a dhéanamh ar athbheochan agus réabhlóid peile Jimmy ‘Che’ McGuinness.

Ach cé acu a bheas ag ceiliúradh Dé Domhnaigh? Ní bheadh ach idir fhile agus dhochtúr draíochta sásta a hata a chur le haon cheann de na foirne agus muid ag dúil leis an deireadh seachtaine atá amach romhainn.

D’fhág Cill Chainnigh agus Gaillimh na sluaite ag béicigh faoi choinne níos mó ag an chluiche ceannais iomána ach an amhlaidh a bheas an cás leis an pheil?

Tá Dún na nGall ag teacht isteach chuig an chluiche seo mar rogha na coitiantachta don mhórchuid, bhuel bhíodh sin ann go dtí go bhfaca siad fir Chonnachta ag scriosadh Átha Cliath ach go fóill beag i mo thuairimse is leis na Conallaigh atá na buntáistí is mó sa chluiche seo.

Ar dtús tá sé tábhachtach smaoineamh ar na foirne a bhuail Dún na nGall agus Maigh Eo agus iad ag dul chomh fada leis an chluiche mór.

Fuair Tír Chonaill an lámh in uachtar ar Dhoire, Tír Eoghain, rinne siad scrios ar an Dún, ghlac siad cluiche s’acu chuig leibhéal eile ar fad in éadan Chorcaí agus Ciarraí agus tá sé go maith dúinn cuimhneamh gur foirne iad seo ar fad a d’imir le déanaí i gcluiche ceannais na hÉireann.

Ní dóigh liom go raibh na coimhlintí céanna ag Maigh Eo.

Cinnte níl sé furasta cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach ach ní dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil sé chomh deacair Craobh Chúige Chonnachta a bhaint agus atá sé le Craobh Chúige Uladh a thabhairt leat.

Bhí cluiche ceathrú ceannais ag Maigh Eo in éadan ceann de na foirne is laige a bhí fágtha sa chomórtas agus ina dhiaidh sin fuair siad an chuid is fearr ar Áth Cliath i gceann de na taispeántais is fearr a thug foireann as Maigh Eo uathu ariamh.

Sin ráite, mothaím nach raibh Baile Átha Cliath ag na rásaí ar an lá sin agus ghlac Maigh Eo leis an seans chun iad a bhualadh.

Is maith an rud anois go bhfuil na saineolaithe ar fad i ndiaidh tionntú ón cháineadh a rinne siad ar McGuinness agus Dún na nGall anuraidh.

Ach níl dearmad déanta go fóill ag cuid den lucht leanúna mar a léirigh na buillí a fuair Pat Spillane taobh amuigh de Pháirc an Chrócaigh.

Shíl mé anuraidh nuair a tháinig muintir Montrose amach go géar in éadan Dhún na nGall go raibh siad i bhfad ró-luath leis an chineál sin cainte.

Is cuimhim liom go maith an cáineadh céanna in éadan mo chontae féin ach cúpla bliana ina dhiaidh sin ní raibh ach moladh ar fáil don stíl peile uair nua seo a bhí cothaithe ag Mickey Harte.

Tá na cosúlachtaí idir an ré a bhí ag Tír Eoghain idir 2003 agus 2007 sóiléir le feiceáil in stíl imeartha na Conallaigh. Bogann achan duine le chéile. Tuigeann achan duine an ról atá acu.

Má théann triúir ar an ionsaí titeann triúir eile isteach sa spás chun imreoirí a phiocadh suas. Tá béim ar an liathróid a bhogadh go fíor gasta agus níos tabhachtaí domhsa tá béim ar imreoirí bheith compórdach ar an laithróid.

Tá dearmad déanta agam de cá mhéad huaire a bhog Eamonn agus Neil McGee agus Frank McGlynn chun tosaigh fríd lá na páirce leis an liathróid cosúil le imreoirí lár páirce in áit lánchúlaí.

Tá Mark McHugh mar a bhéadh Brian Dooher óg, tá sé achan áit agus ineall mar a bheadh Rolls Royce aige.

Cé gur scóráil Maigh Eo le saoirse in éadan Baile Átha Cliath mothaím go raibh na Déithe ag lionnrú orthu an lá sin agus go mbeidh sé tharr a bheith deacair orthu na scóranna céanna a áimsiú Dé Domhnaigh, go háirithe le siar chosaint agus smacht sa ghréamadh ag na Connallaigh.

Rud a bheas iontach suimiúil na léamh an réiteora ar an chluiche agus an dóigh a bheas Dún na nGall in ann cártaí buí sheachaint ach ag an am céanna na feallanna beaga sin a dhéanamh thart faoin líne tosaigh a chuireann stop le foirne ag tógáil ón chúl.

Is dea-scéala é do Dhún na nGall gur Maurice Deegan a bheas i lár an ghoirt Dé Domhnaigh agus é atá sásta ligint don imirt bogadh ar aghaidh.

Ó thaobh na n-imreoirí de, léirigh Aodán Ó Sé i mbliana go bhfuil sé in ann don dúshlán i lár na páirce.

Ach domhsa ceann de na laige a bhí ag Baile Átha Cliath sa bhabhta leathcheannais ná i lár an ghoirt.

Tá na scéaltaí cloiste againn uilig faoin cheithre dhinnéar in aghaidh an lae a bhí le hithe ag Rory Kavanagh le meáchan a chur suas agus faoin méid a bhí le cailleadh ag Ryan Bradley agus mar gheall ar a gcumhacht, aclaíocht agus ocras sílim go mbeidh an lámh in uachtar ag Dún na nGall sa chuid seo den pháirc.

Caith isteach ansin Karl Lacey ag teacht ar an ionsaí agus Leo McCloone ag titim isteach go lár an páirce agus beidh sé iontach deacair ar Mhaigh Eo stop a chur le curaidh Uladh an liathróid a bhaint agus leis na gluaiseachtaí fríd an lár ó na cosantóirí.

Is suimiúil an rud é go raibh a chuid obair baile déanta ag James Horan ar chiceanna amach Stephen Cluxton agus go raibh Maigh Eo sásta dul sa tseans le triúr a chur isteach chuig na pócaí sin thart an líne leathchúl a bhí á lorg ag Cluxton.

I mbliana tá feabhas millteanach tágtha ar chiceanna amach Paul Durkan agus tá an cic amach anois ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí sa cluiche.

Tuigfidh McGuinness agus Rory Gallagher áfach go gcaithfidh siad bheith céad faoin gcéad cruinn leis an bheartas seo má tá siad leis an bhua a fháil Dé Domhnaigh.

Ceann de na deacrachtaí a bheas roimh McGuinness ná gan ligint don lucht tacaíochta sa chontae aird na n-imreoirí a thabhairt ón cluiche.

Tá na hamhráin cumtha, bhí muintir a chontae ar lorg víosa do Jimmy as ’Jimmy’s Winning Matches’ agus de réir tuairiscí bhí titim amach chéanna féin faoin mhórshiúil tar éis an bhua.

Tá sé feicthe againn anuraidh agus i mbliana go bhfuil meon iontach ag an fhoireann seo, go seasann siad le chéile in éadan trioblóide agus achrainn ar bith – ní gá ach sampla Kevin Cassidy a lua – agus go bhfuil Jimmy i ndiaidh na mblianta fada a chaith sé ag foghlaim an spóirt ar an Ollscoil a úsáid go héifeachtach.

Cinnte gur thug an cúl a fuair Corcaigh go mall sa chluiche in éadan Dhún na nGall sa choimhlint leathcheannais rabhadh do Jim McGuinness agus a fhoireann go gcaithfidh siad imirt go dtí an soicind deireannach agus nach féidir bheith ag dúil leis an fhéadóg.

Ní fíle mé, ná dochtúr draíochta ach an oiread, ach dá mbeinn le dul in adharca le ceachtar den dá fhoireann Dé Domhnaigh seo, b’fhearr i bhfad liom dul in éadan Mhaigh Eo.

Mothaím go bhfuil an bolg ag Dún na nGall don chath a bheas ag teacht.

Creideann siad ina chéile, creideann siad sa bhainisteoir atá acu. Is cuma leo muna bhfuil dúil agat iontu agus muna bhfuil dúil agat sa stíl peile atá acu.

Ní thig liom ach Dún na nGall a fheiceáil ag teacht fríd mar bhuaiteoirí Dé Domhnaigh agus Sam ag dul ar ais chuig na cnoic.

Close
Close