Cluichí ceannais na hÉireann i ndúlaíocht an gheimhridh


Nuair a smaoinítear ar spórt an tsamhraidh, is í an chraobh idirchontae agus turais teaghlaigh go Páirc an Chrócaigh is mó a thagann chun cuimhne go minic.

De ghnáth faoin am seo den bhliain bíonn imreoirí fud fad na tíre ag ligean a scíthe, ag ullmhú don Nollaig agus iad imníoch cheana féin faoin traenail réamhshéasúir atá os a gcomhair sa bhliain úr.

Tá rudaí go hiomlán bun os cionn i mbliana áfach agus níor tosaíodh an séasúr idirchontae go dtí an 17ú Deireadh Fómhair – rud a chuir go mór leis an séasúr club le linn an tsamhraidh.

Tá an Nollaig chóir a bheith buaillte linn anois agus na cluichí ceannais idirchontae go fóill le himirt i ndúlaíocht an gheimhridh.

Bíonn sé i gcónaí fuar i bPáirc an Chrócaigh dar liom ach níl a leithéid de dhrochaimsir feicthe againn ariamh do na cluichí móra seo - is ar éigean a chonaic muid na cluichí leathcheannais peile i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine go fiú de dheasca an cheo!

Ní hamháin sin ach níl na gnáthshluaite istigh sna staideanna móra agus is aisteach an rud é guthanna na mbainisteoirí agus na héin a chloisteáil ar an teilifís agus muid cleachtaithe le huimhreacha os cionn 80,000 a fheiceáil i gceanncheathrú CLG.

An deireadh seachtaine seo, beidh Luimneach agus Port Láirge ag imirt in éadan a chéile sa chluiche ceannais iomána den chéad uair ariamh agus feicfidh muid foireann Aontroma ag imirt in éadan Chiarraí ar son Chorn Sheosamh Mhic Dhonnacha.

Buailfidh mná na Gaillimhe le Cill Cheannaigh sa chluiche ceannais camógaíochta. Tá muid i ndiaidh dul chun cinn ollmhór i dtaca le mná spóirt a fheiceáil i mbliana agus tá bús ar leith faoin chluiche seo.

Labhair Meon Eile le hOdrán Waldron, le hAoife Ní Chaiside agus le Cárthach Bán Breathnach faoin séasúr camógaíochta agus iomána go dtí seo i mbliana agus chuala muid a dtuairimí faoi cé acu a bheidh an bua an deireadh seachtaine seo i gcluichí ceannais na hÉireann.

Close
Close