Ióga dátheangach i gCultúrlann Uí Chanáin

Tá téarma nua imeachtaí faoi lánseol i gCultúrlann Uí Chanáin i lár chathair Dhoire.

Ina measc tá cúrsa de ranganna ióga atá á gcur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ag Sara Kadar. Is i nDoire a rugadh agus tógadh Sara agus is Éireannach í a máthair agus Indiach a athair, mar sin tá ióga ina chuid lárnach dá saol ó bhí sí óg. 

Dúirt Sara linn go bhfuil sí tiomanta an t-ióga a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge agus buntáistí an ióga a roinnt le muintir na háite.

Close
Close