CLG Uladh ag Bród Bhéal Feirste

Bhí an fhéile ‘Bród’ ar siúl i mBéal Feirste arís i ndiaidh thréimhse Covid den chéad uair ón bhliain 2019.

Dé Satharn 30ú Iúil bhí an méid is mó daoine riamh i láthair ag an mhórshiúl i measc na ngrúpaí a bhí ann ar an lá, bhí CLG Uladh.

Ba í seo an chéad uair don eagras a bheith ann agus shiúil siad le clubanna CLG ó achan chearn den chúige, Aeracha Uladh san áireamh - club úrnua atá tiomanta ionadaíocht a dhéanamh don phobal LADTA+ i gCumann Lúthchleas Gael.

Labhair Meon Eile le Tricia Ní Chearra, Gearóidín Ní Thaibhís agus Lauren Allison faoin pharáid féin agus an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a léiriú don phobal LADTA+ i saol an spóirt.

Close
Close