Is siúinéir é Paddy Ó Ceallaigh as Dún Geimhin i gContae Dhoire. Imríonn sé iománaíocht lena chlub sa bhaile, Cumann Iománaíochta Chaoimhín Uí Loingsigh agus dá chontae fosta. D’fhás sé aníos ag imirt an spóirt ársa agus bhí sé ag iarraidh ceird déanta an chamáin a thriail toisc an lámh mhaith a bhí aige ar an tsiúineoireacht. Mar sin, thosaigh sé ag cruthú camán cúpla bliain ó shin mar chaitheamh aimsire.
Cruthaítear camáin ó adhmad fuinseoige, adhmad láidir agus solúbtha nach bhfuil furasta a bhriseadh. Ba é an chéad dúshlán do Paddy ná adhmad a aimsiú chun na camáin a chruthú. Chuaigh sé sa tóir ar fhuinseog dhúchasach na hÉireann ach ar deireadh, cheannaigh sé fuinseog a tháinig ón Chóiré Theas. Caithfear an t-adhmad seo a thriomú, próiseas a ghlacann suas le sé mhí.
Nuair atá an t-adhmad tirim go leor, is féidir tús a chur leis an chamán a chruthú. Mar a luaigh Conchúir Ó Ceallaigh san fhíseán, is fearr an t-adhmad má ritheann an snáithe síos go díreach le cuar ann ag an bhun. Déantar stionsal as camán a rinneadh cheana féin, ansin gearrtar an stionsal sin amach leis an chrios-shábh.
Úsáidtear idir phlánóir agus spócphlána chun an tiús a laghdú agus chun díriú isteach ar mhionshonraí an chamáin. Déantar meáchan an chamáin a sheiceáil idir an dá linn go dtí go mbíonn sé an spriocmheáchan bainte amach. Bíonn riachtanais éagsúla ag gach imreoir maidir lena chamán féin. Bíonn roinnt daoine ag iarraidh camán trom mar shampla, agus daoine eile ar fearr leo camán níos éadroime.
Is í an chéim dheireanach ná an camán a ghreanáil. Is féidir úsáid a bhaint as páipéar gainimh nó greanóir. Nuair atá an camán réidh, cuirtear téip agus greamán air. Tá sé réidh anois do cheol na gcamán ar an pháirc!