Campa Spóirt - An Droichead

Gach samhradh eagraíonn An Droichead i ndeisceart Bhéal Feirste Campa Spóirt le páistí an cheantair a mhealladh amach faoin aer.

Is iomaí duine óg a fhanann istigh le linn shos an tsamhraidh le físchluichí a imirt nó le bheith ag amharc ar an teilifís, mar sin de is é sprioc an Champa ná páistí a spreagadh le bheith níos gníomhaí agus níos sláintiúla dá réir.

Tá neart gníomhaíochtaí spraíúla éagsúla mar chuid den Champa: tugtar na páistí ar thurais chuig ionaid áitiúla le peil, iomáint agus camógaíochta a imirt, mar aon le himeachtaí eile. Ag deireadh na seachtaine téann siad go dtí an pháirc uisce Let's Go Hydro agus ansin bíonn cóisir mhór acu leis an tseachtain ar fad a cheiliúradh.

Thug Meon Eile cuairt ar an Champa ar na mallaibh agus chaith muid an lá i bPáirc Ormeau, áit ar imríodh cluichí spóirt go leor. Labhair muid leis an oibrí óige Claire Nic Thomáis faoi na hócáidí sultmhara a bhí beartaithe don tseachtain. Labhair muid fosta leis an oibrí óige Ryan-Eamonn Baiséid a dúirt gur bealach taitneamhach é ag na páistí a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus iad amuigh ón scoil don samhradh.

Close
Close