Cé a bhuafaidh Cluiche Ceannais Uladh idir Dún na nGall agus Tír Eoghain?

I gCluain Eois Dé Domhnaigh rachaidh Dún na nGall agus Tír Eoghain in adharca a chéile i gCluiche Ceannais Chúige Uladh.

Seo an séú cluiche ceannais cúige i ndiaidh a chéile ag na Conallaigh ó 2011.

Níl a gcuid lámha leagtha ag na hEoghanaigh ar Chorn Anglo Celt ón bhliain 2010. Is iad fir Thír Eoghain rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí.

Labhair muid le láitheoirí chlár spóirt Raidió Fáilte faoi chluiche ceannais na cúige.

Barúil ón Bhosca
Close
Close