Cá mbeidh Corn Shomhairle Mhig Uidhir ag dul i mbliana?

Tá cluichí ceathrú ceannais Chraobh Peile na hÉireann ag teannadh linn agus díreach dornán foirne fós san iomaíocht.

Tá Ard Mhacha ag treabhadh leo tríd an chúldoras gan mórán airde orthu ó na meáin agus i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn beidh fir Paul Grimley ag tabhairt aghaidhe ar an Mhí le peileadóirí Mhuineacháin i gcoinne Chill Dara.

Ar ndóigh is iad Áth Cliath rogha na coitiantachta i mbliana arís de réir na ngeallghlacadóirí agus slad déanta acu ar gach foireann a d’imir siad go dtí seo.

Mar sin féin beidh leathshúil ag curraithe na gcúigí eile ar dhuais mhór na craoibhe agus buanna cuimsitheacha acu ina gcúigí féin.

Cé a thabharfas leo an mórghradam ar sheastáin Uí Ógáin le teacht an fhómhair? D’fhiosraigh muid an cheist mórthimpeall Chúige Uladh…

Close
Close