Beidh lá eile ag an bPaorach a deir siad, ach ar chaill Maigh Eo an deis inniu?

Beidh lá eile ag an bPaorach a deir siad, ach ar chaill Maigh Eo an deis inniu?

Damien Ó Dónaill

Bhí mé i láthair inniu ag cluiche ceannais peile na hÉireann i gcuideachta 82,256 fear, bean, girseach agus gasúr i bPáirc an Chrócaigh.

Ní raibh sé ar intinn agam freastal ar an chluiche ceannais mar gheall ar dhualgais eile ach mhothaigh mé go raibh lá stairiúil ar an tsúil againn agus nach mór an peacadh a bheadh ann gan a bheith i láthair i bpárthas na nGael inniu.

D’fhág mé Rann na Feirste maidin inniu agus mo chroí agus mo intinn ag rá liom go raibh deis iontach ag Maigh Eo agus nach acu a bhí, ach ar an drochuair níor éirigh leo an deis sin a thapú.

Beidh lá eile ag an dá fhoireann seo i gceann coicíse ach bheadh eagla orm nach mbeidh foireann Bhaile Átha Cliath, chomh lag agus gan bhrí agus mar a bhí inniu nuair a rachaidh siad in adharca le Maigh Eo arís.

Tharla dhá rud aistíoch inniu nár tharla ariamh, de réir mar a thuigim, i gcluiche ceannais sinsir peile na hÉireann. Chuir Maigh Eo dhá liathróid in eangach s’acu féin agus chuaigh Baile Átha Cliath leathuair iomlán sa chéad leath gan scór a aimsiú. Bhuel sin bréag, fuair siad dhá chúl ach ní hiad féin a d’aimsigh iad.

Tá sé corradh is trí scór bliain ó bhain Maigh Eo craobh na hÉireann agus bhí an tseanmhallacht sin ag teacht ar ais mar thromluí acu arís agus iad cúig phointe chun gcúil ag leath-am.

Dúirt an mhórchuid de na saineolaithe go mbeadh an lá le Baile Átha Cliath inniu agus cé a rachadh ag argóint leo ag leath-am agus buaiteoirí na bliana anuraidh chomh fada sin chun tosaigh.

An rud is mó a chuirfeas fearg ar fhoireann Mhaigh Eo anocht, nó gur iad an fhoireann is fearr sa chead leath ach b’iad an dá chúl sin an difir a bhí eatarthu ag leath-am leis an scór Baile Átha Cliath 2-4 v Maigh Eo 0-5.

Ag leath-am chur mé giolc in airde ag rá gur shíl mé go fóill go raibh ábhar dóchais ag Maigh Eo mar nach raibh na Dubs ag imirt go maith agus bhí deacreachtaí móra ag foireann Jim Gavin le crógacht, ábaltacht, dúthracht agus láidreacht Mhaigh Eo. Tá Baile átha Cliath maith ag tromaíocht ar fhoirne, ní le nimh a deirim sin, ach le moladh.

Nuair a fheiceann siad go bhfuil laigeacht i bhfoireann, díríonn siad ar an laigeacht sin agus mar a bheadh cnagaire ag piocadh ar chrann, ní stadann siad go mbaineann siad buntáiste as an laigeacht sin. Ní raibh mórán laigeachtaí i gcosantóirí Mhaigh Eo inniu ach siad na tosaithe a bhí dá ligint síos nuair nach raibh siad ag aimisú na scóranna.

Ní maith liom imreoir a lua nuair a dhéanann sé botún ach tá a fhios againn uilig nach bhfuil foireann ar bith eile sa tír chomh maith le Baile Átha Cliath ar an frithionsaí agus chaill Séamus Ó Sé trí liathróid inniu ar íoc a fhoireann go daor astu.

Tharraing Cillian Ó Cnochúir na foirne cothrom agus gan ach deich mbomaite caite sa dara leath, ach cé gurb iad an fhoireann is fearr arís sa dara leath iad Maigh Eo, léirigh Baile Átha Cliath foighid agus ní shílim gur bhrúigh siad an cnaipe éigeandála in aon am ach go díreach fuair siad na pointí le hiad a chur chun tosaigh arís sa chluiche agus bhí ceisteanna le freagairt ag lucht an iarthair.

Bhí Baile Átha Cliath trí chúilín chun tosaigh agus bomaite fágtha sa chluiche agus den chéad uair shíl mé go raibh an lá leis na Dubs agus go mbeadh daoine ag rá i gceann caoga bliain gur iad an fhoireann a bhain cluiche ceannais na hÉireann le linn na bliana a a raibh an tír ag comóradh céad bliain na hÉirí Amach nuair a throid fir chróga ar son a dtíre.

B’fhéidir gur iad muintir Mhaigh Eo a bheas siad ag caint air i gceann leathchéad bliain fá fhir chróga s’acu féin a throid go crua inniu le cluiche ceannais na hÉireann a chothromú go domhain in am breise.

Tá mé chomh cinnte agus a d’éirí an ghrian inniu, nach mbainfeadh Maigh Eo craobh na hÉireann ar feadh na gcianta dá gcaillfeadh siad cluiche an lae inniu agus buíochas le Dia níor chaill.

Caithfear ardmholadh a thabhairt do na himreoirí uilig a d’imir inniu ar lá nach raibh na coinníollacha thar mholadh beirte. An rud is mó sílim a dhéanann daoine dearmad de nó go gcaithfidh Cillian Ó Cnochúir dul chun na hollscoile ar maidin amárach, caithfidh Philip Mac Mathúna dul i mbun gnó, beidh an chuid eile i mbun ranganna le páistí óga a bheas ag fanacht go crua leo agus de réir sin.

Tá an t-ádh orainn go mbeidh lá eile againn sa cheannáras i gcionn trí lá dhéag agus idir seo agus sin, dhéanfaidh na bainisteoirí spíonadh ar chluiche an lae inniu, beidh plé, díospóireacht, craic agus comhrá idir lucht tacaíochta na bhfoirne agus beidh na gútháin gnóitheach an tseachtain seo ag cur na ceiste is tábhachtaí, an bhfuil ticéad agat?

Bhí mé le cur síos a dhéanamh ar chraobh na bliana sa phíosa scríbhneoireachta seo chomh maith ach beidh orm fanacht go mbeidh a fhios againn an fán phríomhchathair nó fá scáth Chruach Phádraig a chaithfeas Sam Mac Uidhir an geimhreadh seo.

Ansin bhéarfaidh mé mo thuairim faoi chraobh 2016 ach idir seo agus sin, beidh muid ag fanacht go foighdeach ar chluiche athimeartha chraobh na hÉireann.

Close
Close