Conall Ó Máirtín
I ndiaidh droch-dheireadh seachtaine peile nuair a tharraing Doire ceathrar déag ar chúl na liathróide bhí cuid ‘saineaolaithe’ ag béiceadh go raibh bás tar éis teacht ar an pheil.
D’éist mé leis na tuairimí seo, d’éist mé go cúramach, léigh mé na teachtaireachtaí ar fad a bhí ag teacht fríd ar Twitter, cheannaigh mé na páipéir uilig agus mé ag smaoineadh fán dearcadh a bhí agam féin ar an ábhar.
Chuaigh mé chun na hÓmaí le Tír Eoghain agus Ciarraí a fheiceáil, lán scéitimíní agus buartha fá chaighdeán na peile a bhí amach romhain.
Ach don deireadh seachtaine a bhí ann bhí ‘áiséirí’ i ndán dúinn.
Bhí an cluiche lán fuinnimh, paisin, teannais agus scile agus, cé go bhfuil fadhbanna áirithe ann, ní dóigh go bhfuil an “bás i ndán don pheil”.
Ceann de na fáthanna gur chuir mé féin stop leis an pheil agus mé tríocha a cúig bliana d’aois ná nach raibh an cluiche a bhí mé ag imirt sultmhar domhsa níos mó.
D’imir mé mo shaol ar fad i lár na páirce, ag iarraidh seilbh a fháil ar an chic amach ard san aer ach de réir mar a bhí an cluiche “ag forbairt” ní raibh foirne ar bith sásta an liathróid a chur amach go lár na páirce.
Go bunúsach ní raibh an cluiche mar a bhí sultmhar a thuilleadh.
Agus sin ceann de na deacrachtaí.
D’fhás mise aníos agus mé cleachtaithe le cluiche difriúil ná mar atá sé anois.
Mise an sean-dineasár i measc buachaillí óga a d’imir leis an stíl seo ó thosaigh siad amach.
An é go raibh an fhadhb agamsa, agus ní ag an chluiche féin?
Anois bíonn foirne ag iarraidh cic amach gairid a ghlacadh agus teacht amach as an chúl i ngrúpaí beaga de thriúr nó ceathrar agus ag iarraidh línte cósanta na foirne eile a bhriseadh.
Tá an cluiche anois i bhfad níos cosúla le rugbaí, ach amháin gan an fhisiciúlacht’, agus bíonn foirne ag iarraidh ‘line breaks’ a dhéanamh.
Má chuirtear stop leo is í an teoiric atá ann ná athchúrsáil a dhéanamh leis an liathróid agus iarracht a dhéanamh spás a áimsiú agus tús a chur arís le gluaiseacht.
Bhí seo rí-shoiléir Dé Domhnaigh le Tír Eoghain agus Ciarraí ag tabhairt aghaidhe ar a chéile.
Tá foirne anois ag bráth ar theacht fríd le chéile ar an fhrithionsaí.
Imríonn foirne anois le duine dhéag ar an laghad ag imirt in leath s’acu féin agus ag déanamh cosanta ar an ‘D’ órga den spás os comhair na gcúl.
Ach an dtig na rialacha a leasú le stop a chur le huimhreacha a phacáil i do leath féin?
Seo roinnt rudaí gur cheart a chur san áireamh;
1. Riail ina gcaithfidh ceathrar bheith chun tosaigh i rith in ama.
2. Cuaillí breise a chur isteach. Trí phointe ar cúl, 2 phointe ar cúilín agus, mar théann iarracht scórála idir na cuaillí atá 5 mhéadar ar achan taobh den chúl, bronntar pointe amháin. An éifeacht a bheas leis seo ná go mbeadh imreoirí sásta tabhairt faoi sheansanna níos faide amach.
3. Cosc a chur ar an cheathrú pás láimhe i ndiaidh a chéile – rud a bhí iontach éifeachtach sna rialacha idirnáisiúnta agus a spreagann foirne an pas coise a úsáid.
4. Go gcaithfidh achan chic amach bheith níos faide ná fíche/tríocha méadar – rud a spreagann an ceapadh glan agus a stopann gluaiseachtaí zónúla ag teacht amach ón chúl.
5. An darna réiteoir ag cluichí idirchontae – don mhórchuid chun stop a chur le ‘feallanna foirne’ – m.sh. Dé Domhnaigh rinne Ciarraí 34 feall sa tríú cuid den pháirc. Seo feallanna beaga a chuireann stop leis an ghluaiseacht tapa chun tosaigh.
Tá cáineadh millteanach déanta ar Mickey Harte agus Brian McIvor agus é ráite acu gur cuma fán seó, go bhfuil torthaí níos tábhachtaí.
Mar iar-imreoir aontaím go hiomlán leo.
Ba chuma liom agus mé ag imirt fán lucht féachana, ba chuma liom fán fhreasúra, ’fhad agus gur bhain mé féin.
Ní dheachaigh mé amach ariamh ag smaoineadh go raibh sé de dhualgas orm seó maith a chur ar siúl.
An t-aon rud a bhí de dhíth orm ná bua a fháil agus ní raibh mé ariamh buartha fán dearcadh a bhí ag daoine fúm.
Admhaím go ndéarna mé rudaí gránna ar an pháirc, rudaí a chur déistín ar dhaoine ach ba chuma liom faoi dhaoine eile fhad agus gur bhain mé.
Mar a tharla Dé Domhnaigh, imreoidh na foirne nach bhfuil an tallann agus na háiseanna acu go diúltach ach ní bheith siad in ann na scóranna a aimsiú leis an bhua a fháil.
Tiocfaidh an t-uachtar chuig an bharr i rith in ama agus nuair atá fíorchomórtas i gceist caithfidh foirne dul ar an ionsaí.
An t-aon iontas é gurb é mean-scór an deireadh seachtaine ó na ranna ar fad ná 16.7!
Tá an pheil anois sa tríú háit mar spórt don lucht féachana sa tír seo anois ar chúl na hiománaíochta agus rugbaí, agus beidh sé deacair leasuithe maidir leis na rialacha a thabhairt isteach a chlúdaíonn peil idirchontae agus peil na gclubanna.
Ní chuidaíonn ráiteas go bhfuil “bás i ndán don pheil” le duine ar bith ach an oiread.
Dar liom go raibh cuid de na raitis seo ró-ghinéarlta, ró-luath agus ag iarraidh eagla a chur a dhaoine.
Ní maith an rud é.
Amharc an toradh a bhí ann nuair a thosaigh feachtas tar éis ghreamadh Sean Cavanagh ar Ciaran McManus agus chríochnaigh muid leis an chárta dubh.
Tá ár gcluiche ag athrú agus ag forbairt agus caithfidh muidne forbairt leis nó, cosúil leis na dineasáir, beidh deireadh linn.
Níl móran d’athrú de dhíth.
Tá an pheil tinn maith go leor ach le ‘manflu’ chan le galar marfach.