Fearghal Mag Uiginn
Is iomaí rud úr a bhí ar bhiachlár an tSathairn agus Comhdháil Bhliantúil CLG i nDoire Cholmcille den chéad uair riamh; ó ‘Gulladuff Pork’ go ‘Ballyronan Crab Apple’ agus ó ‘Limavady Broighter Gold Dressing’ go ‘na Magha Chocolate Sliotars’, mar iarbhéile!
Ní rún ar bith é, mar sin féin, nach ar an bhia ‘úr’ a bhí an aird ach ar na rúin úra a cuireadh os comhair na Comhdhála le plé.
Bhí an chaint ann roimh ré nach n-éireodh leis an mholadh is mó aird, ‘cárta dubh’ a thabhairt isteach leis an Pheil Ghaelach a ghlanadh is a fheabhsú.
Ach cuireadh an dubh ina gheal ar an Chomhdháil agus i Mí Eanáir 2014, cuirfear an riail sin i bhfeidhm.
Agus cé a chuirfidh an cárta úr snasta dubh seo i bhfeidhm? An réiteoir bocht atá báite cheana féin faoi ualach rialacha agus riaracháin.
Beidh air cárta dubh a bhronnadh ar imreoir a tharraingíonn imreoir eile anuas d’aonturas; ar imreoir a dhéanann cor coise d’aonturas; ar imreoir a thagann salach ar imreoir eile d’aonturas; ar chaint mhaslach, ghríosaitheach nó ar chomharthaí maslacha, gríosaitheacha le himreoirí eile agus ar argóint bhagrach le hoifigeach cluiche.
Má bhronntar cárta dubh ar imreoir, beidh ar an imreoir imeacht den pháirc ach is féidir ionadaí a chur isteach ina áit.
A luaithe is a bhailíonn foireann trí chárta dhubha is ionann cárta dubh ar bith eile a bhronntar ina dhiaidh sin ar an fhoireann agus ‘cárta dearg’, is é sin le rá go gcaithfidh an t-imreoir imeacht den pháirc ach nach féidir ionadaí a chur isteach ina áit.
Aontaím leis an bhunsprioc atá leis an chárta dubh agus mholfainn an tuairisc ‘Report of the Football Review Committee (2012) a léamh ar an idirlíon sula dtugtar breithiúnas. Tuairisc a chuireann feoil ar na cnámha agus a chuireann na moltaí ar fad i gcomhthéacs.
Lena chois sin, bheadh meas agam ar choiste ar bith ar a raibh Killian Burns, Tony Scullion, Dermot Early (a thug caint iontach), Declan Darcy agus Eugene McGee, mar chathaoirleach.
Saoithiúil go leor ní raibh réiteoir ná iar-réiteoir ar bith ar an choiste, go bhfios dom.
Táthar ann a deir go bhfuil an Pheil Ghaelach á scrios ag an chiniceas ach má bhíonn trí chárta éagsúla de dhíth (agus tic?), is dóichí nach bhfuil na rialacha atá ann á gcur i bhfeidhm mar is ceart nó nach bhfuil na rialacha soiléir ná beacht go leor mar atá.
Ní fada ó chnámh na huillinne anois muid. ‘An tackle’. An deacracht is mó dar liom féin nach bhfuil ann do shainmhíniú ar an ‘tackle’, as siocair nach bhfuil ‘tackle’ ann!
Go dtí go dtugtar sainmhíniú, gan débhríochas, measaim go mbeidh deacrachtaí ann go fóill – fiú agus na dathanna ar fad ar an tuar ceatha mar rogha ag réiteoir!
Cluintear tráchtairí éagsúla ag baint úsáide as friotal mar ‘greamú’. Ní friotal peile atá ann ar chor ar bith ach friotal rugbaí – léiriú mar sin féin gur cosúla le rugbaí atá Peil Ghaelach na linne?
Agus ag caint ar an rugbaí, léirigh CLG cairdeas, comhthuiscint, fláithiúlacht agus fadcheannaí nuair a glacadh le rún páirceanna móra CLG a chur ar fáil in iarratas an IRFU Craobh Rugbaí an Domhain a thabhairt go hÉirinn sa bhliain 2023 nó 2027.
Nuair a chuirtear san áireamh gur rugbaí proifisiúnta an bhagairt is mó atá ar an Pheil Ghaelach sa tír seo, ní sacair, is iontach le go leor daoine gur glacadh leis an rún d’aonghuth, a bheag nó a mhór – 93%.
Ach ar ais go Peil Ghaelach agus go moltaí eile ar glacadh nó nár glacadh leo ag Comhdháil Bhliantúil GLC.
Níor glacadh leis an ‘marc’, nó leis an mholadh cead bheith ag imreoirí an liathróid a thógáil glan ón talamh – dhá mholadh a bhí fite isteach sa tuairisc ‘Report of the Football Review Committee (2012).
Mar sin de, ní ‘fait accompli’ a bhí sa tuairisc ar chor ar bith.
Glacadh le rún eile mar sin féin a mbeidh tionchar níos mó air ná an cárta dubh, cé nár tharraing sé an aird chéanna. Má ligeann réiteoir ‘an buntáiste’ le himreoir, ó 2014 amach, beidh ‘an buntáiste’ beo go ceann cúig shoicind eile ar eagla nach mbíonn an buntáiste le leas na foirne ar chor ar bith.
Más amhlaidh atá, beidh cead ag an réiteoir an imirt a tharraing siar agus cic saor a bhronnadh ar an chéad ‘feall’ a rinneadh.
Is céim mhór chun tosaigh í an riail úr seo agus creidim go mbeidh dúil ag tosaithe agus ag an lucht leanúna ann agus is fusa i bhfad ag réiteoir í a chur i bhfeidhm go cothrom, rialta ná an dubhchárta!
Cúpla rún eile ar glacadh leo ná go mbeidh an t-am – clog an chluiche, más maith leat – le feiceáil ag an lucht leanúna sna cluichí idirchontae ar fad ó 2014 amach (tionchar na mban?) agus gur féidir cúilín a scóráil le lámh oscailte.
D’éirigh le 60 as na 73 rún a cuireadh os comhair na Comhdhála, céatadán iontach ard.
Bhí Uachtarán CLG, Liam Ó Néill, den bharúil gur chuidigh an t-atmaisféar cairdiúil, deimhneach a mhothaigh sé i nDoire le fonn a chur ar na hionadaithe glacadh le rúin.
Mar sin de, tá a fhios agat anois an dóigh le vótaí a mhealladh – ‘Gulladuff Pork’, ‘Ballyronan Crab Apple’, ‘Limavady Broighter Gold Dressing’ agus ‘na Magha Chocolate Sliotars’… Simplí!