2020 - Bliain na Laochra

Tús an tséasúir nua agus tá foireann ban Laochra Loch Lao amuigh ar an pháirc arís agus spriocanna úra acu don bhliain os a gcomhair.

Chan amháin sin ach chuir siad fáilte roimh bhainisteoir nua, Brian Mac an tSionnaigh.

Labhair Mac an tSionnaigh le Meon Eile faoi na pleananna atá leagtha amach aige féin agus an bord bainistíochta don fhoireann sa bhliain úr.

Labhair ball den fhoireann, Rosie McNally, linn agus í fíorphaiseanta faoin fhorbairt atá déanta ag an fhoireann sna trí bliana atá siad ar an fhód anois. Ach í 2020 bliain na Laochra? Beidh le feiceáil!

Bíonn foireann na mban ag traenáil gach maidin Domhnaigh ar 11r.n. agus i Spórtlann na hÉireann ag 7i.n. gach oíche Chéadaoin.

Close
Close