Éire ar an bhealach chuig craobhchomórtas daorchluiche na hEorpa!

Cúis bhróid í do mhuinitr na hÉireann agus foireann náisiúnta daorchluiche na tíre ag imirt a gcéad chluiche amárach, in éadan na Fionlainne, i gcraobhchomórtais na hEorpa.

Imreofar an chéad dá chluiche den chomórtas inniu nuair a thabharfaidh an fhoireann baile, an tSlóivéin, aghaidh ar fhoireann na hIorua. Agus tabharfaidh an tSeirbia aghaidh ar fhoireann na Fionlainne.

Is spórt idirnáisiúnta é daorchluiche agus é á imirt i 143 tír.

Tá an spórt ag ag dul i dtreise anseo in Éirinn fosta agus foirne anois i mBaile Átha Cliath, i gCo na Mí, i gCo an Chláir agus i mBéal Feirste.

Bhuail muid le hUachtarán Chumann Daorchluiche na hÉireann, Peadar Ó Caomhánaigh, agus foireann na hÉireann i mbun seisiún traenála i gCill Dhéagláin…

Éire ar an bhealach chuig craobhchomórtas daorchluiche na hEorpa!
Close
Close