Tuairimí na ndaltaí faoi thorthaí tuartha

An 6 Eanáir 2021 d’fhógair an tAire Oideachais ó thuaidh Peter Weir go raibh na scrúduithe GCSE agus A-Leibhéil a bhí le tarlú i mbliana curtha ar ceal. Chuaigh Meon Eile i dteagmháil le roinnt daltaí ó Ghaelcholáiste Dhoire chun a dtuairimí ar an ábhar a chluinstin. 

San fhíseán thuas, tugann ceathrar daltaí méanscoile a gcuid tuairimí ar na scrúduithe a bheith curtha ar ceal agus cad é a shíleann siad faoi thorthaí tuartha a fháil in áit scrúdú a dhéanamh.

Bhí idir scrúduithe GCSE agus A-Leibhéil le déanamh ag Clíodhna, Carra, Saoirse agus Ferdia an samhradh beag seo sular fógraíodh nach mbeadh aon scrúdú ag dul ar aghaidh agus go mbeadh torthaí tuartha ann ina n-áit, mar a bhí an samhradh roimhe. Bhí tuairimí éagsúla ag na daltaí ina leith ach is léir go mothaíonn siad féin agus a múinteoirí faoi bhrú nach beag dá bharr.

Close
Close