Ceardlann Dabke le cumainn iarscoile ag An Droichead

Chuir an grúpa Belfast Dabke ceardlann damhsa ar siúl do chumainn iarscoile An Droichead agus Tús Geal ar na mallaibh. 

Eagraíodh an cheardlann le Seachtain na dTeifeach a chomóradh agus cultúr na Palaistíne a cheiliúradh. Is damhsa Arabach é Dabke agus is é Mustafa Alsaidi, fear a bhog ó Gaza go Béal Feirste trí bliana ó shin, a bhunaigh Belfast Dabke agus a bhí i gceannas ar an cheardlann seo. 

Cuireadh tús leis an ghrúpa in 2023 agus bíonn siad le feiceáil ag imeachtaí agus féilte timpeall Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin.

Labhair Meon Eile le Aimee Ní hEignigh, atá mar bhall de Belfast Dabke, faoin cheardlann agus faoin ghrúpa. Labhair muid fosta le Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha An Droichead atá ina ball den ghrúpa chomh maith, agus le Mustafa é féin.

Close
Close